Féadfaidh na Ballstáit freisin, faoin 30 Aibreán 1994, institiúidí nó eagraíochtaí eile atá bunaithe ar a gcríoch a shainaithint arb iad na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí iad a bhféadfaí é a chur de chúram sonrach orthu comhoibriú leis an nGníomhaireacht maidir le téamaí leasa ar leith.
Ba cheart go mbeadh institiúid a shainaithneofar amhlaidh in ann comhaontú a thabhairt i gcrích leis an nGníomhaireacht chun go bhfeidhmeoidh sí mar shainionad téamaí de chuid an Ghréasáin maidir le cúraimí sonracha.
Comhoibreoidh na sainionaid sin le hinstitiúidí eile ar cuid den Ghréasán iad.