+CAIBIDIL III FORÁLACHA COITEANNA
---+Airteagal 23 Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme
------+Article 23 1.
------+Article 23 2.
------+Article 23 2a.
------+Article 23 3.
------+Article 23 4.
---+Airteagal 24 Freagrachtaí ginearálta na mBallstát
---+Airteagal 25 Leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
------+Article 25 1.
------+Article 25 2.
------+Article 25 3.
|
CAIBIDIL III FORÁLACHA COITEANNA
CAIBIDIL III FORÁLACHA COITEANNA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme
|
Airteagal 23 Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme 1. Seolfar na hiarrataí ar thograí go díreach ón gCoimisiún ar bhonn na hinfhaighteachta buiséid dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus na gcritéar cáilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar amach i gCaibidil II.
▼M1
2. Ní chlúdóidh cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe agus freisin, maidir le tionscadail faoi Airteagal 9, a thabhaigh tríú páirtithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme. Féadfaidh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II a bheith cáilithe amhail ón 13 Iúil 2009.
▼M1
2a. Clúdóidh cúnamh airgeadais arna thabhairt faoi Chaibidil II caiteachas a bhaineann le tionscadail infheistíochta agus le cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, ar caiteachas é arna thabhú ag na tairbhithe a thuairiscítear i bpointe 3 de Chuid A d’Iarscríbhinn II. Féadfaidh an caiteachas sin a bheith cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2011.
▼B
3. Ní bheidh CBL, seachas CBL neamh-inaisíoctha, ina chostas cáilithe. 4. Déanfar na tionscadail agus na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus cuirfear aon bheartais ábhartha de chuid an Chomhphobail san áireamh iontu, go háirithe na beartais sin a bhaineann le hiomaíocht, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme a bhaineann le státchabhair, agus le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus le soláthar poiblí.
|
|
Airteagal 24 Freagrachtaí ginearálta na mBallstát
|
Airteagal 24 Freagrachtaí ginearálta na mBallstát Laistigh de réimse a bhfreagrachta, déanfaidh na Ballstáit gach iarracht chun na tionscadail a fhaigheann cúnamh CFET a chur chun feidhme, go háirithe trí nósanna imeachta éifeachtúla a bheith ann maidir le riarachán, údarúchán, ceadúnúchán agus deimhniúchán.
|
|
Airteagal 25 Leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
|
Airteagal 25 Leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint 1. Nuair a dhéanfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe, agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtacha comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999. 2. Maidir leis na bearta Comhphobail a mhaoineofar faoin Rialachán seo, ciallaíonn coincheap na neamhrialtachta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 aon sárú ar fhoráil den dlí Comhphobail nó aon sárú ar oibleagáid chonarthach arb é is cúis leis ná gníomh nó neamhghníomh de chuid oibreora eacnamaíoch, a bhfuil sé d’éifeacht leis nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, de bharr ítime caiteachais gan údar, ná dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó do bhuiséid arna mbainistiú aige. 3. Maidir leis na bearta cur chun feidhme go léir a dhéanfar de thoradh an Rialacháin seo, forálfar leo, go háirithe, go ndéanfaidh an Coimisiún, nó aon ionadaí a údaróidh an Coimisiún, maoirseacht agus rialú airgeadais agus go ndéanfaidh an Chúirt Iniúchóirí Eorpach, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair, más gá, ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0663
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|