|
+Airteagal 23 Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme ---+Article 23 1. ---+Article 23 2. ---+Article 23 2a. ---+Article 23 3. ---+Article 23 4. |
Airteagal 23 Socruithe cláraithe agus cur chun feidhmeAirteagal 23 Socruithe cláraithe agus cur chun feidhme 1. Seolfar na hiarrataí ar thograí go díreach ón gCoimisiún ar bhonn na hinfhaighteachta buiséid dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus na gcritéar cáilitheachta, roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar amach i gCaibidil II. 2. Ní chlúdóidh cúnamh CFET ach an caiteachas sin a bhaineann le tionscadail agus a thabhaigh na tairbhithe agus freisin, maidir le tionscadail faoi Airteagal 9, a thabhaigh tríú páirtithe a bhí freagrach as tionscadal a chur chun feidhme. Féadfaidh caiteachas arna thabhú faoi Chaibidil II a bheith cáilithe amhail ón 13 Iúil 2009. 2a. Clúdóidh cúnamh airgeadais arna thabhairt faoi Chaibidil II caiteachas a bhaineann le tionscadail infheistíochta agus le cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, ar caiteachas é arna thabhú ag na tairbhithe a thuairiscítear i bpointe 3 de Chuid A d’Iarscríbhinn II. Féadfaidh an caiteachas sin a bheith cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2011. 3. Ní bheidh CBL, seachas CBL neamh-inaisíoctha, ina chostas cáilithe. 4. Déanfar na tionscadail agus na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo a chur i gcrích i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus cuirfear aon bheartais ábhartha de chuid an Chomhphobail san áireamh iontu, go háirithe na beartais sin a bhaineann le hiomaíocht, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme a bhaineann le státchabhair, agus le cosaint an chomhshaoil, le sláinte, le forbairt inbhuanaithe agus le soláthar poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|