|
+Airteagal 1 Raon feidhme ---+Article 1 1. ---+Article 1 2. ---+Article 1 3. ---+Article 1 4. |
Airteagal 1 Raon feidhmeAirteagal 1 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste nó de bhus laistigh de chríoch an Chomhphobail ag iompróirí ar fruiliú nó ar airgead nó ag iompróirí atá ag obair ar a son féin atá bunaithe i mBallstát de réir dlí an Bhallstáit sin, ag baint úsáide as feithiclí atá cláraithe sa Bhallstát sin agus atá oiriúnach de bhua a dtógála agus a dtrealamh chun níos mó ná naonúr a iompar, an tiománaí san áireamh, agus atá ceaptha le haghaidh sin agus maidir le gluaiseacht feithiclí dá leithéid agus iad folamh i dtaca le hiompar dá leithéid. Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear d'fheidhmiú an Rialacháin seo. 2. I gcás iompair ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa beidh feidhm ag an Rialachán seo i dtaca leis an gcuid sin den turas ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear in idirthuras. Ní bheidh feidhm aige i leith na coda sin den turas laistigh de chríoch an Bhallstáit ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí fad nach bhfuil an comhaontú is gá idir an Comhphobal agus an tríú tír lena mbaineann tugtha i gcrích. 3. Go dtí go dtabharfar i gcrích na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fhorálacha a bhaineann leis an iompar ó Bhallstát chuig tríú tír agus vice versa atá i gcomhaontuithe déthaobhacha idir Bhallstáit agus na tríú tíortha sin. 4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo i leith seirbhísí náisiúnta iompair phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar airgead arna n-oibriú ag iompróir neamhchónaitheach ar bhonn sealadach dá bhforáiltear i gCaibidil V. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|