|
+Airteagal 4 Ceadúnas Comhphobail ---+Article 4 1. ---+Article 4 2. ---+Article 4 3. ---+Article 4 4. ---+Article 4 5. ---+Article 4 6. ---+Article 4 7. ---+Article 4 8. |
Airteagal 4 Ceadúnas ComhphobailAirteagal 4 Ceadúnas Comhphobail 1. Cuirfear iompar idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus i gcrích faoi réir ceadúnais Comhphobail a eiseoidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát bunaíochta a shealbhú. 2. Déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta bunchóip an cheadúnais Comhphobail a eisiúint don iarratasóir, ar bunchóip í a choinneoidh an t-iompróir, agus an líon cóipeanna dílse deimhnithe de a fhreagróidh líon na bhfeithiclí a mbainfear úsáid astu le haghaidh iompair idirnáisiúnta phaisinéirí agus a bheidh ar láimh do shealbhóir an cheadúnais Comhphobail, bíodh siad faoi úinéireacht iomlán, nó i bhfoirm eile, go háirithe de bhua conartha glasíocaí, conartha fruilithe nó conartha léasaithe. Comhfhreagróidh an ceadúnas Comhphobail agus na cóipeanna dílse deimhnithe don mhúnla a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Beidh ar a laghad dhá cheann de na gnéithe slándála a liostaítear in Iarscríbhinn I iontu. Oiriúnóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II don dul chun cinn teicniúil. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Beidh séala an údaráis eisiúna ar an gceadúnas Comhphobail agus ar na cóipeanna dílse deimhnithe de mar aon le síniú agus sraithuimhir. Déanfar sraithuimhreacha an cheadúnais Comhphobail agus na gcóipeanna dílse deimhnithe a thaifeadadh i gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthair dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar chuid de thacar sonraí a bhaineann leis an iompróir. 3. Eiseofar an ceadúnas Comhphobail in ainm an iompróra agus beidh sé neamh-inaistrithe. Beidh cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail coimeádta i ngach ceann d'fheithiclí an iompróra agus tabharfar ar aird í ar iarratas ó aon oifigeach cigireachta údaraithe. 4. Eiseofar an ceadúnas Comhphobail ar feadh tréimhsí inathnuaite suas go deich mbliana ar a mhéid. Maidir le ceadúnais Chomhphobail agus cóipeanna dílse deimhnithe díobh a eisítear roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh siad bailí go dtí an dáta a rachaidh siad in éag. 5. Cibé uair a thaiscfear iarratas ar cheadúnas Comhphobail nó cibé uair a dhéanfar ceadúnas Comhphobail a athnuachan i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fíoróidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta an gcomhlíonann an t-iompróir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1) nó an bhfuil siad i gcónaí á gcomhlíonadh aige. 6. Nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1), diúltóidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta ceadúnas Chomhphobail a eisiúint nó a athnuachan nó déanfaidh siad é a tharraingt siar trí chinneadh réasúnaithe. 7. Ráthóidh Ballstáit ceart iarratasóir nó shealbhóir an cheadúnais Comhphobail achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh na n-udarás inniúla i mBallstát na bunaíochta an ceadúnas sin a dhiúltú nó a tharraingt siar. 8. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin go mbeidh an ceadúnas Comhphobail bailí le haghaidh oibríochtaí iompair náisiúnta freisin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|