|
+Airteagal 16 Rialacha a bheidh infheidhme i leith oibríochtaí cabatáiste ---+Article 16 1. ---+Article 16 2. ---+Article 16 3. ---+Article 16 4. |
Airteagal 16 Rialacha a bheidh infheidhme i leith oibríochtaí cabatáisteAirteagal 16 Rialacha a bheidh infheidhme i leith oibríochtaí cabatáiste 1. Mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, beidh feidhmiú na n-oibríochtaí cabatáiste faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir leo seo a leanas:
(a)
coinníollacha lena rialófar an conradh iompair;
(b)
meáchain agus toisí feithiclí bóthair;
(c)
ceanglais a bhaineann le hiompar catagóirí áirithe paisinéirí, eadhon daltaí scoile, páistí agus daoine atá faoi míchumas luaineachta;
(d)
am tiomána agus tréimhsí sosa;
(e)
cáin bhreisluacha (CBL) ar sheirbhísí iompair. Féadfaidh na hualaí agus na toisí dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, i gcás inarb iomchuí, a bheith níos mó ná na cinn a bheidh infheidhme i mBallstát bunaíochta an iompróra, ach ní fhéadfaidh siad in imthosca ar bith dul thar na teorainneacha a shocróidh an Ballstát óstach maidir le trácht náisiúnta ná na gnéithe teicniúla a luaitear sna cruthúnais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 96/53/CE. 2. Mura bhforáiltear a mhalairt i reachtaíocht an Chomhphobail, beidh oibríochtaí cabatáiste ar cuid iad de na seirbhísí iompair dá dtagraítear in Airteagal 15(c) faoi réir na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bheidh i bhfeidhm sa Bhallstát óstach maidir le húdaruithe, le nósanna imeachta tairisceana, leis na bealaí le bheidh le hoibriú agus le tráthrialtacht, leanúnachas agus minicíocht na seirbhísí chomh maith leis na bealaí taistil. 3. Caithfidh feithiclí a mbaintear úsáid astu le haghaidh oibríochtaí cabatáiste teacht leis na caighdeáin theicniúla tógála agus trealaimh a leagtar síos le haghaidh feithiclí a chuirtear i gcúrsaíocht i réimse an iompair idirnáisiúnta. 4. Cuirfear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 i bhfeidhm maidir le hiompróirí neamhchónaitheacha faoi na coinníollacha céanna a chuirfear i bhfeidhm maidir le hiompróirí a bhunaítear sa Bhallstát óstach sin, chun cosc a chur ar aon idirdhealú ar fhorais náisiúntachta nó áite bunaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|