Airteagal 24
Iontráil ar na cláir leictreonacha náisiúnta
Maidir le sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar atá inchurtha i leith iompróirí atá bunaithe ina gcríoch, agus ba chúis le pionós a ghearr aon Bhallstát, agus leis an gceadúnas Comhphobail nó an chóip dhílis dheimhnithe de a tharraingt siar go sealadach nó go buan, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a thaifeadadh ar an gclár leictreonach náisiúnta de ghnóthais iompair de bhóthar. Déanfar na hiontrálacha sa chlár a bhaineann le ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan a choinneáil sa bhunachar sonraí ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad ón uair a n-éagfaidh an tréimhse tarraingthe siar, i gcás ceadúnas a tharraingt siar go sealadach nó ón dáta ar tarraingíodh siar é, i gcás ceadúnas a tharraingt siar go buan.