Airteagal 22
Smachtbhannaí a fhorchur ag an mBallstát bunaíochta i leith sáruithe
1. I gcás ina ndéantar nó ina bhfionntar sárú tromchúiseach in aon Bhallstát ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme i leith feithiclí, i leith tréimhsí tiomána agus sosa tiománaithe agus i leith soláthair sheirbhísí comhthreomhara nó sealadacha gan údarú, dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 5(1), déanfaidh údaráis inniúla Bhallstát bunaíochta an iompróra a rinne an sárú an ghníomhaíocht iomchuí maidir leis an ábhar, lena bhféadfaí foláireamh a áireamh má fhoráileann an dlí náisiúnta dó sin, óna bhféadfaidh, inter alia, forchur na bpionós riaracháin a leanas a leanúint:
(a)
roinnt cóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail nó iad go léir a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó buan;
(b)
an ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar ar bhonn sealadach nó buan.
Déanfar na pionóis sin a chinneadh nuair a bheidh an cinneadh críochnaitheach déanta faoin ábhar agus tabharfar aird ar a thromchúisí a bhí an sárú a rinne sealbhóir an cheadúnais Chomhphobail agus ar líon iomlán na gcóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas sin a bheidh ina sheilbh maidir le trácht idirnáisiúnta.
2. A luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de sé seachtaine óna gcinneadh críochnaitheach maidir leis an ábhar, cuirfidh údaráis inniúla an Bhallstáit bhunaíochta in iúl d'údaráis inniúla an Bhallstáit inar fionnadh na sáruithe na pionóis dá bhforáiltear i mír 1 a gearradh i gcás inar gearradh aon cheann díobh.
Mura bhforchuirfear pionóis den sórt sin, déanfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta na cúiseanna a lua.
3. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil na pionóis a ghearrtar ar an iompróir lena mbaineann, tríd is tríd, i gcomhréir leis an sárú nó leis na sáruithe as ar eascair na pionóis sin agus leo aon phionós as an sárú céanna a forchuireadh sa Bhallstát ina ndearnadh an sárú a fhionnadh á chur san áireamh.
4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar don fhéidearthacht go dtionscnódh údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta an iompróra imeachtaí os comhair cúirte náisiúnta nó binse náisiúnta. Má thionscnaítear imeachtaí den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann údaráis inniúla na mBallstát inar fionnadh na sáruithe ar an eolas fúthu.
5. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go mbeidh de cheart ag iompróirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon phionóis riaracháin a fhorchuirfear orthu de bhun an Airteagail seo.