|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.
ciallaíonn ‘beartas comhshaoil’ a bhfuil ar intinn agus a bhfuil beartaithe ag eagraíocht i ndáil lena feidhmíocht chomhshaoil, arna léiriú go foirmiúil ag an ardbhainistíocht, lena n-áirítear comhlíonadh gach ceanglais dlí is infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol agus tiomantas freisin i ndáil le feabhas leanúnach a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil. Soláthraíonn sé creat le haghaidh gníomhaíochta agus chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a shocrú;
2.
ciallaíonn ‘feidhmíocht chomhshaoil’ na torthaí intomhaiste a leanann as an mbainistiú a dheánann eagraíocht ar a cuid gnéithe comhshaoil;
3.
ciallaíonn ‘comhlíonadh dlí’ cur chun feidhme iomlán na gceanglas dlí is infheidhme agus a bhaineann leis an gcomhshaol, lena n-áirítear coinníollacha i leith ceadanna;
4.
ciallaíonn ‘gné chomhshaoil’ eilimint de ghníomhaíochtaí, de tháirgí nó de sheirbhísí eagraíochta, ar eilimint í a bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol nó a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar an gcomhshaol;
5.
ciallaíonn ‘gné shuntasach chomhshaoil’ gné chomhshaoil a bhfuil tionchar suntasach aici ar an gcomhshaol nó a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aici ar an gcomhshaol;
6.
ciallaíonn ‘gné dhíreach chomhshaoil’ gné chomhshaoil a bhaineann le gníomhaíochtaí, le táirgí agus le seirbhísí na heagraíochta féin ar gné í a bhfuil rialú díreach bainistíochta ag an eagraíocht ina leith;
7.
ciallaíonn ‘gné neamhdhíreach chomhshaoil’ gné chomhshaoil is féidir a bheith mar thoradh ar idirghníomhú eagraíochta le tríú páirtithe agus is féidir tionchar a bheith ag eagraíocht uirthi go feadh méid áirithe;
8.
ciallaíonn ‘tionchar ar an gcomhshaol’ aon athrú ar an gcomhshaol, cibé acu dochrach nó tairbhiúil, ar toradh é, go hiomlán nó go páirteach, ar ghníomhaíochtaí, ar tháirgí nó ar sheirbhísí eagraíochta;
9.
ciallaíonn ‘athbhreithniú comhshaoil’ anailís chuimsitheach tosaigh ar ghnéithe comhshaoil, ar thionchair ar an gcomhshaol agus ar fheidhmíocht chomhshaoil ar anailís í a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí na heagraíochta;
10.
ciallaíonn ‘clár comhshaoil’ tuairisc ar na bearta, ar na freagrachtaí agus ar na modhanna a ghlactar nó a shamhlaítear chun cuspóirí agus spriocanna comhshaoil a bhaint amach agus na spriocdhátaí maidir leis na cuspóirí agus na spriocanna comhshaoil a bhaint amach;
11.
ciallaíonn ‘cuspóir comhshaoil’ sprioc fhoriomlán chomhshaoil, a eascraíonn as an mbeartas comhshaoil, ar sprioc í a chuirfidh eagraíocht roimpi lena baint amach agus a bhfuil cainníochtú déanta ina leith más indéanta;
12.
ciallaíonn ‘sprioc chomhshaoil’ ceanglas mionsonraithe feidhmíochta a eascraíonn as na cuspóirí comhshaoil, atá infheidhme maidir le heagraíocht nó maidir le codanna di, agus ar gá é a shocrú agus a chomhlíonadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach;
13.
ciallaíonn ‘córas bainistíochta comhshaoil’ an chuid sin den chóras bainistíochta foriomlán ina n-áirítear an struchtúr eagrúcháin, na gníomhaíochtaí pleanála, na freagrachtaí, na cleachtais, na nósanna imeachta, na próisis agus na hacmhainní chun an beartas comhshaoil a fhorbairt, a chur chun feidhme, a bhaint amach, a athbhreithniú agus a chothabháil agus chun na gnéithe comhshaoil a bhainistiú;
14.
ciallaíonn ‘an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr’ an bealach is éifeachtaí trína bhféadfaidh eagraíochtaí an córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme in earnáil ábhartha agus a bhféadfadh an fheidhmíocht chomhshaoil is fearr, faoi dhálaí eacnamaíocha agus teicniúla faoi leith, a bheith mar thoradh air;
15.
ciallaíonn ‘athrú substaintiúil’ aon athrú ar oibriú, ar struchtúr, ar riarachán, ar phróisis, ar ghníomhaíochtaí, ar tháirgí nó ar sheirbhísí na heagraíochta a bhfuil tionchar suntasach aige ar chóras bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, ar an gcomhshaol nó ar shláinte an duine nó is féidir tionchar suntasach den sórt sin a bheith aige;
16.
ciallaíonn ‘iniúchadh inmheánach ar an gcomhshaol’ meastóireacht chórasach, dhoiciméadaithe, thréimhsiúil agus oibiachtúil ar fheidhmíocht chomhshaoil eagraíochta, ar chóras bainistíochta agus ar phróisis atá ceaptha chun an comhshaol a chosaint;
17.
ciallaíonn ‘iniúchóir’ duine aonair nó grúpa daoine aonair a bhaineann leis an eagraíocht féin, nó duine nádúrtha nó duine dlítheanach nach mbaineann leis an eagraíocht sin, agus é nó í ag gníomhú thar ceann na heagraíochta sin, ar duine aonair nó grúpa daoine aonair nó duine nádúrtha nó duine dlítheanach é nó í a dhéanann measúnú go háirithe ar an gcóras bainistíochta comhshaoil agus a dhéanann cinneadh i dtaobh an bhfuil beartas comhshaoil agus clár comhshaoil na heagraíochta á gcomhlíonadh, lena n-áirítear a mhéid a chomhlíonann an eagraíocht na ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol;
18.
ciallaíonn ‘ráiteas ar an gcomhshaol’ an fhaisnéis chuimsitheach a thugtar don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe leasmhara eile maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
struchtúr agus gníomhaíochtaí eagraíochta;
(b)
beartas comhshaoil agus córas bainistíochta comhshaoil eagraíochta;
(c)
gnéithe comhshaoil eagraíochta agus tionchar eagraíochta ar an gcomhshaol;
(d)
clár, cuspóirí agus spriocanna comhshaoil eagraíochta;
(e)
feidhmíocht chomhshaoil eagraíochta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.
19.
ciallaíonn ‘ráiteas nuashonraithe ar an gcomhshaol’ an fhaisnéis chuimsitheach a thugtar don phobal i gcoitinne agus do pháirtithe leasmhara eile agus ina mbeidh nuashonrú ar an ráiteas is deanaí a bailíochtaíodh ar an gcomhshaol, ach ní bhainfidh sé sin ach amháin le feidhmíocht chomhshaoil eagraíochta agus comhlíonadh na n-oibleagáidí dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;
20.
ciallaíonn ‘fíoraitheoir comhshaoil’:
(a)
comhlacht um measúnú comhréireachta arna shainmhíniú i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, nó aon chomhlachas nó aon ghrúpa comhlachtaí den sórt sin, a bhfuil creidiúnú faighte aige i gcomhréir leis an Rialachán seo; nó
(b)
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon chomhlachas nó aon ghrúpa daoine den sórt sin, a bhfuil ceadúnas faighte aige chun fíorú agus bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
21.
ciallaíonn ‘eagraíocht’ cuideachta, corparáid, gnólacht, fiontar, údarás nó institiúid, atá suite laistigh den Chomhphobal nó lasmuigh de, nó cuid nó teaglaim díobh, cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe, poiblí nó príobháideach, agus a bhfuil a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus a riarachán féin aige nó aici;
22.
ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach sainiúil atá faoi rialú bainistíochta eagraíochta agus lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear an bonneagar, an trealamh agus na hábhair go léir; láithreán is ea an t-eintiteas is lú a mheasfar lena chlárú;
23.
ciallaíonn ‘braisle’ grúpa eagraíochtaí neamhspleácha a bhfuil baint acu lena chéile de bharr gaireachta geografaí nó de bharr gníomhaíochtaí gnó agus dhéanann an córas bainistíochta comhshaoil a chur chun feidhme go comhpháirteach;
24.
ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas measúnaithe comhréireachta a dhéanann fíoraitheoir comhshaoil lena léiriú an gcomhlíonann athbhreithniú comhshaoil, beartas comhshaoil, córas bainistíochta comhshaoil agus nós imeachta iniúchta inmhéanaigh comhshaoil eagraíochta agus cur chun feidhme na nithe sin ceanglais an Rialacháin seo;
25.
ciallaíonn ‘bailíochtú’ daingniú ón bhfíoraitheoir comhshaoil a dhéanann an fíorú á rá go bhfuil an fhaisnéis agus na sonraí i ráiteas eagraíochta ar an gcomhshaol agus i ráiteas nuashonraithe eagraíochta ar an gcomhshaol iontaofa, inchreidte agus ceart agus go gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo;
26.
ciallaíonn ‘na húdaráis forfheidhmithe’ na húdaráis inniúla ábhartha arna sainaithint ag na Ballstáit chun sáruithe ar na ceanglais dhlíthiúla infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol a bhrath, a chosc agus a imscrúdú, agus, i gcás inar gá sin, chun gníomh forfheidhmithe a ghlacadh;
27.
ciallaíonn ‘táscaire feidhmíochta comhshaoil’ slonn sonrach lena gceadófar feidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta a thomhas;
28.
ciallaíonn ‘eagraíochtaí beaga’:
(a)
micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide arna sainmhíniú i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú ( 1 ); nó
(b)
údaráis áitiúla a rialaíonn níos lú ná 10,000 áitritheoir nó údaráis phoiblí eile ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus nach mó ná EUR 50 milliún a mbuiséad bliantúil nó nach mó ná EUR 43 milliún a gclár comhardaithe bliantúil, lena n-áirítear iad seo a leanas go léir:
(i)
riaracháin rialtais nó riaracháin phoiblí eile nó comhlachtaí comhairleacha poiblí ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil;
(ii)
daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a chomhlíonann feidhmeanna riaracháin phoiblí faoi dhlí náisiúnta, lena n-áirítear dualgais shonracha, gníomhaíochtaí sonracha nó seirbhísí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol; agus
(iii)
daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil freagrachtaí poiblí orthu nó a bhfuil feidhmeanna poiblí acu nó a sholáthraíonn seirbhísí poiblí a bhaineann leis an gcomhshaol ar daoine iad atá faoi rialú comhlachta nó duine dá dtagraítear i bpointe (b);
29.
ciallaíonn ‘clárú corparáideach’ clárú amháin maidir le láithreáin uile nó roinnt láithreán de chuid eagraíochta a bhfuil láithreáin aici i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit nó i dtríú tíortha;
30.
ciallaíonn ‘Comhlacht Creidiúnúcháin’ comhlacht náisiúnta um chreidiúnú a cheaptar de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as creidiúnú agus maoirsiú fíoraitheoirí comhshaoil;
31.
ciallaíonn ‘Comhlacht Ceadúnúcháin’ comhlacht a cheaptar i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus atá freagrach as ceadúnais a eisiúint chuig fíoraitheoirí comhshaoil agus as maoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí comhshaoil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|