Maidir le hiarratais ar chlárú ó eagraíochtaí lasmuigh den Chomhphobal, lena n-áirítear clárú corparáideach nach mbaineann ach le láithreáin atá suite lasmuigh den Chomhphobal, déanfar iad chuig aon Chomhlacht Inniúil sna Ballstáit sin ina ndéantar foráil maidir le clárú eagraíochtaí ó áiteanna lasmuigh den Chomhphobal i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 11(1).
Tá ar na heagraíochtaí sin a áirithiú, maidir leis an bhfíoraitheoir comhshaoil a dhéanfaidh an fíorú agus a bhailíochtóidh córas bainistíochta comhshaoil na heagraíochta, go bhfuil sé creidiúnaithe nó ceadúnaithe sa Bhallstát ina ndéanfaidh an eagraíocht iarratas ar chlárú.