|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Maidir le heagraíochtaí ar mian leo go gclárófar iad den chéad uair:
(a)
déanfaidh siad athbhreithniú comhshaoil ar gach gné chomhshaoil den eagraíocht i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i bpointe A.3.1 d’Iarscríbhinn II;
(b)
i bhfianaise thorthaí an athbhreithnithe comhshaoil, déanfaidh siad córas bainistíochta comhshaoil lena gcumhdófar na ceanglais go léir dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus, i gcás ina mbeidh a leithéid ar fáil, cuirfear an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr don earnáil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 46(1)(a) san áireamh;
(c)
déanfaidh siad iniúchadh inmheánach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe A.5.5 d’Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III;
(d)
ullmhóidh siad ráiteas ar an gcomhshaol, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. I gcás ina mbeidh doiciméid tagartha earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 46 ar fáil don earnáil shonrach, cuirfear an doiciméad ábhartha san áireamh i measúnú fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|