+Airteagal 4 Ullmhú i gcomhair clárúcháin
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
|
Airteagal 4 Ullmhú i gcomhair clárúcháin
Ullmhú i gcomhair clárúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Maidir le heagraíochtaí ar mian leo go gclárófar iad den chéad uair:
(a)
déanfaidh siad athbhreithniú comhshaoil ar gach gné chomhshaoil den eagraíocht i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus i bpointe A.3.1 d’Iarscríbhinn II;
(b)
i bhfianaise thorthaí an athbhreithnithe comhshaoil, déanfaidh siad córas bainistíochta comhshaoil lena gcumhdófar na ceanglais go léir dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus, i gcás ina mbeidh a leithéid ar fáil, cuirfear an cleachtas bainistíochta comhshaoil is fearr don earnáil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 46(1)(a) san áireamh;
(c)
déanfaidh siad iniúchadh inmheánach i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointe A.5.5 d’Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III;
(d)
ullmhóidh siad ráiteas ar an gcomhshaol, i gcomhréir le hIarscríbhinn IV. I gcás ina mbeidh doiciméid tagartha earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 46 ar fáil don earnáil shonrach, cuirfear an doiciméad ábhartha san áireamh i measúnú fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Féadfaidh eagraíochtaí úsáid a bhaint as an gcúnamh dá dtagraítear in Airteagal 32 agus atá ar fáil sa Bhallstát ina ndéanfaidh an eagraíocht iarratas ar chlárú.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Ní bheidh oibleagáid ar eagraíochtaí a mbeidh córas bainistíochta comhshaoil deimhnithe acu, ar córas é a bheidh aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 45(4), na codanna sin a chur i gcrích a aithnítear mar chodanna atá coibhéiseach leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Soláthróidh eagraíochtaí fianaise ábharthach nó fianaise dhoiciméadach a léireoidh go gcomhlíonann an eagraíocht gach ceanglas dlí infheidhme a bhaineann leis an gcomhshaol.
Féadfaidh eagraíochtaí faisnéis a iarraidh ar an údarás forfheidhmithe inniúil nó ar na húdaráis forfheidhmithe inniúla i gcomhréir le hAirteagal 32 nó ar an bhfíoraitheoir comhshaoil.
Déanfaidh na heagraíochtaí atá lasmuigh den Chomhphobal tagairt freisin do na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá infheidhme maidir le heagraíochtaí den tsamhail chéanna sna Ballstáit ina mbeartaíonn siad iarratas a thíolacadh.
I gcás ina mbeidh doiciméid tagartha earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 46 ar fáil don earnáil shonrach, is faoi threoir an doiciméid ábhartha a dhéanfar an measúnú ar fheidhmíocht chomhshaoil na heagraíochta.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Déanfaidh fíoraitheoir comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe an t-athbhreithniú comhshaoil tosaigh, an córas bainistíochta comhshaoil, an nós imeachta iniúchta agus cur chun feidhme an nós imeachta sin a fhíorú agus déanfaidh an fíoraitheoir sin an ráiteas ar an gcomhshaol a bhailíochtú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1221
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|