+Airteagal 28 Creidiúnúchán agus Ceadúnúchán a Oibriú
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
---+Airteagal 28 6.
---+Airteagal 28 7.
---+Airteagal 28 8.
---+Airteagal 28 9.
|
Airteagal 28 Creidiúnúchán agus Ceadúnúchán a Oibriú
Creidiúnúchán agus Ceadúnúchán a Oibriú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Beidh Comhlachtaí Creidiúnúcháin, arna gceapadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, freagrach as fíoraitheoirí comhshaoil a chreidiúnú agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí arna gcur i gcrích ag fíoraitheoirí comhshaoil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Féadfaidh Ballstáit Comhlacht Ceadúnúcháin a cheapadh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ar comhlacht é a bheidh freagrach as ceadúnais a eisiúint chuig fíoraitheoirí comhshaoil agus as maoirseacht a dhéanamh ar fhíoraitheoirí comhshaoil.
|
|
Airteagal 28 3.
|
Féadfaidh Ballstáit a chinneadh gan creidiúnú nó ceadúnú daoine nádúrtha mar fhíoraitheoirí comhshaoil a cheadú.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Déanfaidh Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin measúnú ar inniúlacht fíoraitheora comhshaoil i bhfianaise na nithe a leagtar amach in Airteagal 20, in Airteagal 21 agus in Airteagal 22 agus atá ábhartha do raon feidhme an chreidiúnaithe nó an cheadúnais a iarrtha.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Déanfar raon feidhme chreidiúnú nó cheadúnas na bhfíoraitheoirí comhshaoil a chinneadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006. Beidh an raon feidhme sin teoranta i gcomhréir le hinniúlacht an fhíoraitheora comhshaoil agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfear méid agus castacht na gníomhaíochta san áireamh sa raon feidhme sin.
|
|
Airteagal 28 6.
|
Bunóidh na Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin nósanna imeachta iomchuí maidir le creidiúnú nó ceadúnú, maidir le creidiúnú nó ceadúnas a dhiúltú, maidir le creidiúnú nó ceadúnas fíoraitheoirí comhshaoil a chur ar fionraí agus a tharraingt siar agus maidir le maoirseacht ar fhíoraitheoirí comhshaoil.
Maidir leis na nósanna imeachta sin, beidh sásraí san áireamh iontu chun tuairimí ó pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhlachtaí Inniúla agus comhlachtaí ionadaíocha eagraíochtaí, a bhreithniú ar tuairimí iad a bhaineann le hiarratasóirí agus fíoraitheoirí comhshaoil creidiúnaithe nó ceadúnaithe.
|
|
Airteagal 28 7.
|
I gcás ina ndiúltófar creidiúnú nó ceadúnas, cuirfidh an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin na cúiseanna leis an gcinneadh in iúl don fhíoraitheoir comhshaoil.
|
|
Airteagal 28 8.
|
Déanfaidh na Comhlachtaí Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin liosta d’fhíoraitheoirí comhshaoil agus de raon feidhme a gcreidiúnaithe nó a gceadúnais ina mBallstáit a bhunú, a athbhreithniú agus a nuashonrú agus déanfaidh siad, go díreach nó trí na húdaráis náisiúnta arna gcinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, athruithe ar an liosta sin a chur in iúl gach mí don Choimisiún agus do Chomhlacht Inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Comhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin suite.
|
|
Airteagal 28 9.
|
Faoi chuimsiú na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le faireachán ar ghníomhaíochtaí mar a leagtar síos in Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, déanfaidh Comhlachtaí Creidiúnúcháin agus Ceadúnúcháin tuarascáil mhaoirseachta a tharraingt suas i gcás ina ndéanfaidh siad ceachtar de na cinntí seo a leanas, tar éis dul i gcomhairle leis an bhfíoraitheoir comhshaoil lena mbaineann:
(a)
nár feidhmíodh gníomhaíochtaí an fhíoraitheora comhshaoil go leordhóthanach chun a áirithiú go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht;
(b)
maidir leis an bhfíorúchán agus an mbailíochtú a rinne an fíoraitheoir comhshaoil, gur cuireadh i gcrích iad de shárú ar cheanglas amháin nó níos mó den Rialachán seo.
Tarchuirfear an tuarascáil sin chuig an gComhlacht Inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht cláraithe nó ina ndéanann sí iarratas ar chlárú agus, más infheidhme, chuig an gComhlacht Creidiúnúcháin nó Ceadúnúcháin a dheonaigh an creidiúnú nó an ceadúnas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R1221
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|