+Airteagal 3 Raon feidhme
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
|
Airteagal 3 Raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí agus ar theagmhais thromchúiseacha, ar imscrúduithe iad:
(a)
a tharla i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát;
(b)
a bhaineann le haerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag gnóthas atá bunaithe i mBallstát, agus a tharla lasmuigh de chríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, nuair nach Stát eile a sheolann na himscrúduithe sin;
(c)
ar ina leith atá Ballstát i dteideal, de réir caighdeán idirnáisiúnta agus cleachtas molta, ionadaí creidiúnaithe a cheapadh chun bheith rannpháirteach mar Stát an Chláraithe, Stát an Oibreora, Stát an Deartha, Stát na Monaraíochta nó mar Stát a sholáthraíonn faisnéis, saoráidí nó saineolaithe, ar iarraidh sin ag an Stát a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aige;
(d)
ar ina leith a cheadaíonn an Stát a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aici do Bhallstát, a bhfuil leas speisialta aige de bhua bhás a shaoránach nó díobhála tromchúisí dá shaoránaigh, saineolaí a cheapadh.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le faisnéis a bheith ar fáil go tráthúil faoi ghach duine agus faoi earraí contúirteacha ar bord aerárthaigh a mbaineann tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dó agus maidir leis an gcúnamh atá ann d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta i ndáil le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha lena mbaineann aerárthach atá ag gabháil do sheirbhísí míleata, do sheirbhísí custaim, do sheirbhísí póilíneachta nó do sheirbhísí atá comhchosúil leo sin, ach amháin nuair a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) agus leis an reachtaíocht náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|