|
+Airteagal 3 1. |
Airteagal 3 1.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le himscrúduithe sábháilteachta ar thionóiscí agus ar theagmhais thromchúiseacha, ar imscrúduithe iad:
(a)
a tharla i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta na mBallstát;
(b)
a bhaineann le haerárthach atá cláraithe i mBallstát nó atá á oibriú ag gnóthas atá bunaithe i mBallstát, agus a tharla lasmuigh de chríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, nuair nach Stát eile a sheolann na himscrúduithe sin;
(c)
ar ina leith atá Ballstát i dteideal, de réir caighdeán idirnáisiúnta agus cleachtas molta, ionadaí creidiúnaithe a cheapadh chun bheith rannpháirteach mar Stát an Chláraithe, Stát an Oibreora, Stát an Deartha, Stát na Monaraíochta nó mar Stát a sholáthraíonn faisnéis, saoráidí nó saineolaithe, ar iarraidh sin ag an Stát a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aige;
(d)
ar ina leith a cheadaíonn an Stát a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aici do Bhallstát, a bhfuil leas speisialta aige de bhua bhás a shaoránach nó díobhála tromchúisí dá shaoránaigh, saineolaí a cheapadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|