+Airteagal 7 Gréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.

Airteagal 7 Gréasán Eorpach na nÚdarás um Imscrúdú Sábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a gcuid údarás um imscrúdú sábháilteachta Gréasán na nÚdarás um Imscrúdú Shábháilteachta san Eitlíocht Shibhialta (“an Gréasán”) a bhunú, agus é comhdhéanta de cheann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta i ngach Ballstát, nó a ionadaí, agus/nó, i gcás údaráis ilmhódaigh, ceann a bhrainse eitlíochta, nó a ionadaí nó a hionadaí, lena n-áirítear cathaoirleach a roghnófar as measc na gceann sin agus/nó na n-ionadaithe sin go ceann tréimhse trí bliana.

I ndlúthchomhar le comhaltaí an Ghréasáin, tarraingeoidh an cathaoirleach suas clár oibre bliantúil an Ghréasáin, lena gcomhlíonfar na cuspóirí agus lena bhfreastalófar ar na freagrachtaí a leagtar amach i mír 2 agus i mír 3, faoi seach. Tarchuirfidh an Coimisiún an clár oibre chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Tarraingeoidh an cathaoirleach suas an clár oibre le haghaidh chruinnithe an Ghréasáin freisin.

Airteagal 7 2.
Féachfaidh an Gréasán le cáilíocht imscrúduithe arna seoladh ag údaráis um imscrúdú sábháilteachta a fheabhsú tuilleadh agus lena neamhspleáchas a neartú tuilleadh. Go háirithe, spreagfaidh sé caighdeáin arda maidir le modhanna imscrúdaithe agus oiliúint imscrúdaitheoirí.
Airteagal 7 3.

D’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, beidh an Gréasán freagrach as na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

moltaí a ullmhú agus comhairle a thabhairt d’institiúidí an Aontais i ndáil le gach gné d’fhorbairt agus de chur chun feidhme beartas agus rialacha Aontais maidir le himscrúduithe sábháilteachta agus maidir le tionóiscí agus teagmhais a chosc;

(b) 

cur chun cinn a dhéanamh i leith pháirtiú na faisnéise atá úsáideach le haghaidh sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú agus comhar struchtúrtha a chur chun cinn go gníomhach idir údaráis um imscrúdú sábháilteachta, an Coimisiún, EASA agus údaráis náisiúnta eitlíochta sibhialta;

(c) 

“athbhreithnithe piaraí”, gníomhaíochtaí oiliúna ábhartha agus cláir um fhorbairt scileanna do na himscrúdaitheoirí a chomhordú agus a eagrú, i gcás inarb iomchuí;

(d) 

na dea-chleachtais maidir le himscrúdú sábháilteachta a chur chun cinn d’fhonn modheolaíocht imscrúdaithe sábháilteachta Aontais chomhchoiteann a fhorbairt agus fardal de na dea-chleachtais sin a tharraingt suas;

(e) 

cumas imscrúdaithe na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta a neartú, go háirithe trí chreat do pháirtiú acmhainní a fhorbairt agus a bhainistiú;

(f) 

cúnamh iomchuí a sholáthar, ar iarraidh na n-údarás um imscrúdú sábháilteachta chun Airteagal 6 a chur chun feidhme, lena n-áirítear liosta na n-imscrúdaitheoirí, an trealaimh agus na n-inniúlachtaí atá ar fáil i mBallstáit eile agus a d’fhéadfadh an t-údarás a bhfuil an t-imscrúdú á sheoladh aige a úsáid, ach gan a bheith teoranta dó sin;

(g) 

rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis a bheidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18, agus anailís a dhéanamh ar na moltaí sábháilteachta a bheidh ann d’fhonn moltaí sábháilteachta tábhachtacha a mbeidh ábharthacht uile-Aontais ag baint leo a shainaithint;

Airteagal 7 4.
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí an Ghréasáin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin aon uair a chuirfidh an Chomhairle nó an Coimisiún iarraidh chuig an nGréasán.
Airteagal 7 5.
Ní iarrfaidh comhaltaí an Ghréasáin teagaisc ó aon chomhlacht, ar teagaisc iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do stádas neamhspleách na n-imscrúduithe sábháilteachta, ná ní ghlacfaidh siad teagaisc den sórt sin.
Airteagal 7 6.
Tabharfar cuireadh do EASA, de réir mar is iomchuí, chun freastal mar bhreathnadóir ar chruinnithe an Ghréasáin. Féadfaidh an Gréasán cuireadh a thabhairt freisin do bhreathnadóirí ó údaráis imscrúdaithe sábháilteachta eile de chuid tríú tíortha agus do shaineolaithe ábhartha eile chun freastal ar a chuid cruinnithe.
Airteagal 7 7.
Beidh dlúthcheangal ag an gCoimisiún le hobair an Ghréasáin agus gheobhaidh sé an tacaíocht riachtanach ón nGréasán maidir le gnéithe ábhartha a bhaineann le forbairt bheartas agus rialáil an Aontais i ndáil le himscrúdú agus cosc tionóiscí eitlíochta sibhialta. Déanfaidh an Coimisiún an tacaíocht riachtanach a sholáthar don Ghréasán, lena n-áirítear cúnamh maidir le hullmhú agus eagrú a chruinnithe, chomh maith le cúnamh maidir le foilsiú tuarascála bliantúla faoi ghníomhaíochtaí an Ghréasáin, ach gan a bheith teoranta dó sin. Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.