|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta, ar choinníoll go sásaítear an ceanglas á rá nach mbeidh coimhlint leasa ann, a iarraidh ar EASA agus ar údaráis sibhialta eitlíochta na mBallstát lena mbaineann, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, ionadaí a cheapadh chun páirt a ghlacadh:
(a)
mar chomhairleoir don imscrúdaitheoir i gceannas, in aon imscrúdú sabháilteachta faoi Airteagal 5(1) agus (2), a sheolfar i gcríoch Ballstáit nó in aon láthair dá dtagraítear in Airteagal 5(2) faoi rialú agus de rogha an imscrúdaitheora i gceannas;
(b)
mar chomhairleoir a cheaptar faoin Rialachán seo chun cabhrú le hionadaí creidiúnaithe nó le hionadaithe creidiúnaithe na mBallstát in aon imscrúdú sábháilteachta a sheoltar i dtríú tír agus a n-iarrtar ar údarás um imscrúdú sábháilteachta ionadaí creidiúnaithe a ainmniú chuige, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta maidir le tionóiscí agus teagmhais aerárthaí a imscrúdú, faoi mhaoirseacht an ionadaí chreidiúnaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|