+Airteagal 8 Rannpháirtíocht EASA agus údarás eitlíochta sibhialta in imscrúduithe sábháilteachta
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 Rannpháirtíocht EASA agus údarás eitlíochta sibhialta in imscrúduithe sábháilteachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.

Déanfaidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta, ar choinníoll go sásaítear an ceanglas á rá nach mbeidh coimhlint leasa ann, a iarraidh ar EASA agus ar údaráis sibhialta eitlíochta na mBallstát lena mbaineann, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach, ionadaí a cheapadh chun páirt a ghlacadh:

(a) 

mar chomhairleoir don imscrúdaitheoir i gceannas, in aon imscrúdú sabháilteachta faoi Airteagal 5(1) agus (2), a sheolfar i gcríoch Ballstáit nó in aon láthair dá dtagraítear in Airteagal 5(2) faoi rialú agus de rogha an imscrúdaitheora i gceannas;

(b) 

mar chomhairleoir a cheaptar faoin Rialachán seo chun cabhrú le hionadaí creidiúnaithe nó le hionadaithe creidiúnaithe na mBallstát in aon imscrúdú sábháilteachta a sheoltar i dtríú tír agus a n-iarrtar ar údarás um imscrúdú sábháilteachta ionadaí creidiúnaithe a ainmniú chuige, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le cleachtais mholta maidir le tionóiscí agus teagmhais aerárthaí a imscrúdú, faoi mhaoirseacht an ionadaí chreidiúnaithe.

Airteagal 8 2.

Beidh na rannpháirtithe dá dtagraítear i mír 1 i dteideal an méid seo a leanas a dhéanamh, go háirithe:

(a) 

cuairt a thabhairt ar láthair na tionóisce agus an raic a scrúdú;

(b) 

moltaí a thabhairt maidir le hábhar na gceisteanna agus faisnéis a fháil ó fhinnéithe;

(c) 

cóipeanna de na doiciméid ábhartha uile a fháil agus faisnéis ábhartha fhíorasach a fháil;

(d) 

páirt a ghlacadh i léamh na meán taifeadta, cé is moite de thaifeadáin gutha nó taifeadáin íomhá ó chró an phíolóta;

(e) 

páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí imscrúdaithe nach imscrúduithe ar an láthair iad, amhail comhpháirteanna a scrúdú, a thástáil agus a ionsamhlú, faisnéisiú teicniúil agus cruinnithe maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe, ach amháin nuair a bhainfidh siad leis na cúiseanna a chinneadh nó le moltaí sábháilteachta a dhéanamh.

Airteagal 8 3.
Tacóidh EASA agus na húdaráis eitlíochta sibhialta leis an imscrúdú ina nglacfaidh siad páirt tríd an bhfaisnéis, trí na saineolaithe agus tríd an trealamh a iarrfar a sholáthar don údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.