+Airteagal 11 Stádas na n-imscrúdaitheoirí sábháilteachta
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Stádas na n-imscrúdaitheoirí sábháilteachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Nuair a cheapfaidh údarás um imscrúdú sábháilteachta imscrúdaitheoir i gceannas, agus d’ainneoin aon fhiosrúcháin bhreithiúnaigh, beidh údarás ag an imscrúdaitheoir i gceannas na bearta riachtanacha a dhéanamh chun ceanglais an imscrúdaithe sábháilteachta a shásamh.
|
|
Airteagal 11 2.
|
D’ainneoin aon oibleagáidí rúndachta faoi ghníomhartha dlíthiúla an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, beidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas i dteideal an méid seo go háirithe:
(a)
rochtain neamhshrianta, gan bhac a fháil láithreach ar láthair na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh agus ar an aerárthach, ar a bhfuil ann nó ar a raic;
(b)
a áirithiú go liostófar an fhianaise láithreach agus go dtabharfar smiodar nó comhpháirteanna chun bealaigh ar mhodh rialaithe chun críocha scrúdaithe nó anailíse;
(c)
rochtain agus rialú a fháil láithreach ar na taifeadáin eitilte, agus ar a bhfuil iontu, agus ar aon taifeadtaí ábhartha eile;
(d)
a iarraidh go ndéanfar scrúdú iomlán iarbháis ar choirp na ndaoine a ndearnadh díobháil mharfach dóibh, agus rannchuidiú leis an scrúdú sin, agus rochtain a fháil láithreach ar thórthaí na scrúduithe sin nó ar thorthaí tástálacha a dhéanfar ar shamplaí a thógfar;
(e)
a iarraidh go ndéanfar scrúdú leighis ar na daoine a raibh baint acu le hoibriú an aerárthaigh nó a iarraidh go ndéanfar tástálacha ar shamplaí a thógfar ó na daoine sin agus rochtain a fháil láithreach ar thórthaí na scrúduithe nó na dtástálacha sin;
(f)
glaoch ar fhinnéithe agus iad a cheistiú, agus a cheangal orthu faisnéis nó fianaise a bhaineann leis an imscrúdú sábháilteachta a sholáthar nó a thabhairt ar aird;
(g)
saor-rochtain a fháil ar aon fhaisnéis ábhartha nó ar aon taifid ábhartha atá ag an úinéir, ag sealbhóir an deimhnithe do dhearadh cineáil an aerárthaigh, ag an eagraíocht atá freagrach as cothabháil, ag an eagraíocht um oiliúint, ag oibreoir nó ag monaróir an aerárthaigh, ag na húdaráis atá freagrach as an eitlíocht shibhialta, ag EASA, agus ag soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta nó ag oibreoirí aeradróim.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Déanfaidh an t-imscrúdaitheoir i gceannas na teidlíochtaí a liostaítear i mír 2 a thabhairt dá shaineolaithe nó dá saineolaithe agus dá chomhairleoirí nó dá comhairleoirí, agus, chomh maith leis sin, do na hionadaithe creidiúnaithe, dá saineolaithe siúd agus dá gcomhairleoirí siúd, a mhéid is gá sin chun a chumasú dóibh páirt éifeachtach a ghlacadh san imscrúdú sábháilteachta. Beidh na teidlíochtaí sin gan dochar do chearta na n-imscrúdaitheoirí agus na saineolaithe a ainmneoidh an t-údarás atá i gceannas an fhiosrúcháin bhreithiúnaigh.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Déanfaidh aon duine a bheidh rannpháirteach in imscrúduithe sábháilteachta a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh ar bhonn neamhspleách agus ní iarrfaidh sé teagaisc, ná ní ghlacfaidh sé teagaisc, ó aon duine seachas an t-imscrúdaitheoir i gceannas nó an t-ionadaí creidiúnaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|