+Airteagal 13 Fianaise a chaomhnú
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Fianaise a chaomhnú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Beidh an Ballstát ar tharla an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach ina chríoch freagrach as a áirithiú go ndéileálfar go sábháilte leis an bhfianaise go léir agus as gach beart réasúnach a dhéanamh chun an fhianaise sin a chosaint agus as an aerárthach, a bhfuil ann agus a raic a choinneáil faoi choimeád slán ar feadh cibé tréimhse is gá chun críche imscrúdaithe sábháilteachta. Áireofar le cosaint fianaise caomhnú a dhéanamh, trí mheán na grianghrafadóireachta nó trí aon mheán eile, ar aon fhianaise a d’fhéadfaí a thabhairt chun bealaigh, a scriosadh, a chailliúint nó a dhíothú. Áireofar le cosaint shábháilte cosaint ar thuilleadh damáiste, ar rochtain a bheith ag daoine neamhúdaraithe, ar mhionghadaíocht agus ar mheathlúchán.
Airteagal 13 2.
Go dtí go dtiocfaidh na himscrúdaitheoirí sábháilteachta ar an láthair, ní mhodhnóidh duine ar bith staid láthair na tionóisce, ní thógfaidh duine ar bith samplaí ón láthair, ní bhogfaidh duine ar bith an t-aerárthach, aon ní atá san aerárthach ná raic an aerárthaigh ná ní thógfaidh duine ar bith aon sampla uathu, ná ní thabharfaidh duine ar bith chun bealaigh é ach amháin i gcás ina bhféadfadh sé gur gá sin ar chúiseanna sábháilteachta nó chun cúnamh a thabhairt do dhaoine díobhálaithe nó i gcás ina bhfuil cead sainráite chuige sin tugtha ag na húdaráis a bhfuil an láthair faoina rialú agus, nuair is féidir é, i gcomhairle leis an údarás um imscrúdú sábháilteachta.
Airteagal 13 3.
Déanfaidh aon duine lena mbaineann na bearta riachtanacha go léir chun doiciméid, ábhar agus taifeadtaí a bhaineann leis an eachtra a chaomhnú, go háirithe ionas nach scriosfar taifeadtaí comhráite agus aláram tar éis na heitilte.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.