+Airteagal 15 Faisnéis a chur in iúl
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
|
Airteagal 15 Faisnéis a chur in iúl
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Beidh foireann an údaráis um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas, nó aon duine eile a n-iarrfar air páirt a ghlacadh san imscrúdú sábháilteachta nó rannchuidiú leis an imscrúdú sábháilteachta, faoi cheangal ag na rialacha is infheidhme maidir le rúndacht ghairmiúil, faoin reachtaíocht is infheidhme, lena n-áirítear rúndacht maidir le hanaithnideacht daoine ar bhain tionóisc nó teagmhas tromchúiseach dóibh.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas an fhaisnéis a mheasfaidh sé a bheith ábhartha ó thaobh tionóisc nó teagmhas tromchúiseach a chosc a chur in iúl do na daoine atá freagrach as monarú nó as cothabháil aerárthaí nó trealaimh aerárthaí, agus chuig na daoine aonair nó na heintitis dhlíthiúla atá freagrach as aerárthaí a oibriú nó as oiliúint foirne.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 16 agus in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas agus an t-ionadaí creidiúnaithe nó na hionadaithe creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 8 faisnéis fhíorasach ábhartha a gheofar le linn an imscrúdaithe sábháilteachta a scaoileadh chuig EASA agus chuig údaráis náisiúnta um eitlíocht shibhialta, ach ní dhéanfar faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) ná faisnéis a chruthódh coimhlint leasa a scaoileadh. Déanfar an fhaisnéis a fhaigheann EASA agus na húdaráis náisiúnta um eitlíocht shibhialta a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 14 agus le gníomhartha dlíthiúla infheidhme an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Beidh údarás ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas aon fhaisnéis ar na barúlacha fíorasacha, ar imeachtaí an imscrúdaithe sábháilteachta, b’fhéidir ar réamhthuarascálacha nó ar réamhchonclúidí agus/nó ar mholtaí sábháilteachta, a chur in iúl d’íospartaigh, dá ngaolta agus dá gcumainn nó a phoibliú, ar choinníoll nach ndéanfaidh faisnéis den sórt sin dochar do chuspóirí an imscrúdaithe sábháilteachta agus go gcomhlíonfaidh sí go hiomlán an reachtaíocht is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Sula ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a phoibliú, cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na híospartaigh, chuig a ngaolta agus chuig a gcumainn ar bhealach nach ndéanfaidh dochar do chuspóirí an imscrúdaithe sábháilteachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|