+Airteagal 16 Tuarascáil an imscrúdaithe
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
---+Airteagal 16 7.
---+Airteagal 16 8.

Airteagal 16 Tuarascáil an imscrúdaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Déanfar gach imscrúdú sábháilteachta a thabhairt chun críche trí thuarascáil i bhfoirm a oirfidh do chineál agus do thromchúis na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh. Luafar sa tuarascáil gurb é is cuspóir aonair don imscrúdú sábháilteachta ná tionóiscí agus teagmhais amach anseo a chosc, gan milleán ná dliteanas a chionroinnt. Áireofar moltaí sábháilteachta sa tuarascáil, i gcás inarb iomchuí sin.
Airteagal 16 2.
Déanfaidh an tuarascáil anaithnideacht aon duine ar bhain an tionóisc nó an teagmhas tromchúiseach dó a chosaint.
Airteagal 16 3.
I gcás ina n-eascróidh tuarascálacha as imscrúduithe sábháilteachta roimh dheireadh an imscrúdaithe, féadfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, sula bhfoilseofar na tuarascálacha sin, barúlacha a shireadh ar na húdaráis lena mbaineann, lena n-áirítear EASA, agus, trí na húdaráis sin, ar shealbhóir an deimhnithe do dhearadh, ar an monaróir agus ar an oibreoir lena mbaineann. Beidh na heintitis a rachfar i gcomhairle leo faoi cheangal ag rialacha na rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir le hábhar an chomhairliúcháin.
Airteagal 16 4.
Sula bhfoilseofar an tuarascáil chríochnaitheach, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta barúlacha a shireadh ar na húdaráis lena mbaineann, lena n-áirítear EASA, agus trí na húdaráis sin, ar shealbhóir an deimhnithe do dhearadh, ar an monaróir agus ar an oibreoir lena mbaineann agus beidh siad sin faoi cheangal ag rialacha na rúndachta gairmiúla is infheidhme maidir le hábhar an chomhairliúcháin. Le linn na barúlacha sin a shireadh, leanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta caighdeáin idirnáisiúnta agus cleachtais mholta.
Airteagal 16 5.
Ní áireofar an fhaisnéis a chumhdaítear faoi Airteagal 14 ach nuair a bheidh sí ábhartha maidir le hanailís na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh. Ní nochtfar faisnéis, ná codanna d’fhaisnéis, nach bhfuil ábhartha don anailís.
Airteagal 16 6.
Poibleoidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta an tuarascáil chríochnaitheach laistigh den achar ama is giorra is féidir agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta, laistigh de 12 mhí ó dháta na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh.
Airteagal 16 7.
I gcás nach féidir an tuarascáil chríochnaitheach a phoibliú laistigh de 12 mhí, déanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta, ar a laghad, ráiteas eatramhach a scaoileadh gach bliain ar chothromdháta na tionóisce nó an teagmhais thromchúisigh, ar ráiteas é ina mbeidh mionsonraí faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe agus faoi aon saincheisteanna sábháilteachta atá ann.
Airteagal 16 8.

Cuirfidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta cóip den tuarascáil chríochnaitheach agus de na moltaí sábháilteachta ar aghaidh a luaithe is féidir:

(a) 

chuig údaráis um imscrúdú sábháilteachta agus údaráis eitlíochta sibhialta na Stát lena mbaineann, agus chuig ICAO, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus na cleachtais mholta;

(b) 

chuig seolaithe na moltaí sábháilteachta atá sa tuarascáil;

(c) 

chuig an gCoimisiún agus chuig EASA, ach amháin i gcás ina bhfuil an tuarascáil ar fáil go poiblí trí mheán leictreonach agus, sa chás sin, ní dhéanfaidh an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta ach fógra a thabhairt dóibh á rá sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.