+Airteagal 21 Cúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.
|
Airteagal 21 Cúnamh d’íospartaigh tionóiscí aeir agus dá ngaolta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Chun freagairt níos cuimsithí agus níos comhchuibhithe ar thionóiscí a áirithiú ar leibhéal an AE, déanfaidh gach Ballstát plean éigeandála um thionóiscí eitlíochta sibhialta a bhunú ar an leibhéal náisiúnta. Cumhdófar freisin le plean éigeandála den sórt sin cúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Áiritheoidh Ballstáit go bhfuil plean ag gach aerlíne atá bunaithe ina gcríoch chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta. Ní mór do na pleananna sin aird ar leith a thabhairt ar thacaíocht shíceolaíoch d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta agus a chur ar chumas na haerlíne freagairt ar mhórthionóisc. Déanfaidh na Ballstáit iniúchadh ar phleananna cúnaimh na n-aerlínte atá bunaithe ina gcríoch. Déanfaidh na Ballstáit aerlínte ó thríú tíortha a oibríonn san Aontas a spreagadh freisin chun plean a ghlacadh sa tslí chéanna maidir le cúnamh a thabhairt d’íospartaigh tionóiscí eitlíochta sibhialta agus dá ngaolta.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Nuair a tharlaíonn tionóisc, déanfaidh an Ballstát atá i gceannas ar an imscrúdú, nó an Ballstát ina bhfuil an aerlíne, ar léi an t-aerárthach ar bhain an tionóisc dó, bunaithe, nó an Ballstát a bhfuil líon mór náisiúnach dá chuid ar bord an aerárthaigh ar bhain an tionóisc dó, foráil maidir le duine tagartha a cheapadh mar phointe teagmhála agus faisnéise do na híospartaigh agus dá ngaolta.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Beidh Ballstát, nó tríú tír, ag a bhfuil leas ar leith, de bhua bhás a shaoránach nó a saoránach nó de bhua díobhálacha dóibh, sa tionóisc a tharla i gcríocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag na Conarthaí maidir leo, i dteideal saineolaí a cheapadh agus beidh na cearta seo a leanas aige nó aici:
(a)
cuairt a thabhairt ar láthair na tionóisce;
(b)
rochtain a fháil ar an bhfaisnéis fhíorasach ábhartha, ar faisnéis í a bheidh formheasta ag an údarás um imscrúdú sábháilteachta atá i gceannas lena scaoileadh go poiblí, agus ar fhaisnéis faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe;
(c)
cóip den tuarascáil chríochnaitheach a fháil.
|
|
Airteagal 21 5.
|
Féadfaidh saineolaí a cheaptar i gcomhréir le mír 4 cúnamh a thabhairt, faoi réir na reachtaíochta infheidhme a bheidh i bhfeidhm, maidir le sainaithint na n-íospartach agus féadfaidh sé nó sí freastal ar chruinnithe leis na marthanóirí óna Stát féin.
|
|
Airteagal 21 6.
|
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le ceanglais árachais d’aeriompróirí agus d’oibreoirí aerárthaí (
3
), déanfaidh aeriompróirí ó thríú tíortha na hoibleagáidí árachais a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhall freisin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0996
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|