+Airteagal 8 Maoluithe
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
|
Airteagal 8 Maoluithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun maoluithe a dheonú do na Ballstáit a mhéid a bheidh gá le hoiriúnuithe móra ar na córais staidrimh náisiúnta. Féadfar maoluithe a dheonú ó na hIarscríbhinní le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear iontu. Féadfar maoluithe a dheonú freisin ó na bearta cur chun feidhme agus ó na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Féadfar na maoluithe sin a dheonú ar feadh uastréimhse 2 bhliain. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo maidir le hathruithe a eascraíonn as modhnuithe ar aicmithe agus ainmníochtaí nó as athruithe ar chreataí cuntasaíochta na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Chun maolú a fháil ar Iarscríbhinní VII, VIII agus IX faoi mhír 1, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 27 Nollaig 2026. Chun maolú a fháil faoi mhír 1 ar bhearta cur chun feidhme nó ar ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, ar bearta nó gníomhartha iad a thagann i bhfeidhm tar éis an 26 Nollaig 2024, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-mhínithe faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an bhirt nó an ghnímh lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|