+IARSCRÍBHINN IV MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL

IARSCRÍBHINN IV MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL




IARSCRÍBHINN IV

MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Le cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, déantar, ar shlí atá comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC, sonraí a thíolacadh maidir leis an gcaiteachas ar chosaint an chomhshaoil, i.e. na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Le cuntais den sórt sin, tugtar an deis tiomsú a dhéanamh ar chaiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil, arna shainmhíniú mar shuim na n-úsáidí a bhaineann aonaid chónaitheacha as seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, an ollfhoirmithe caipitil sheasta (OFCS) le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil, agus aistrithe do chosaint an chomhshaoil nach bhfuil ina gcontrapháirt i leith ítimí roimhe sin, lúide maoiniú ón gcuid eile den domhan.

Sna cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, ba cheart go mbainfí leas as an bhfaisnéis atá ann cheana féin sna cuntais náisiúnta (cuntais táirgthe agus giniúna ioncaim; OFCS de réir NACE, táblaí soláthair agus úsáide; sonraí bunaithe ar aicmiú fheidhmeanna an rialtais), i staidreamh struchtúrach gnó, sa chlár gnó agus i bhfoinsí eile.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit chun críocha na gcuntas ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin.

Roinn 2

CUMHDACH

Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil agus atá ag CEC agus taispeántar iontu caiteachas i leith chosaint an chomhshaoil maidir le príomhghníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus gníomhaíochtaí coimhdeacha. Cumhdaítear na hearnálacha seo a leanas:

— 
rialtas ginearálta (institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh) agus corparáidí mar earnálacha institiúideacha a tháirgeann seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Táirgeann saintáirgeoirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar a bpríomhghníomhaíocht,
— 
teaghlaigh, rialtas ginearálta agus corparáidí mar thomhaltóirí de sheirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
an chuid eile den domhan mar thairbhí nó foinse na n-aistrithe le haghaidh chosaint an chomhshaoil.

▼M2

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil a sholáthar de réir na saintréithe seo a leanas atá sainmhínithe i gcomhréir le CEC:

— 
aschur na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Déantar aschur margaidh, aschur neamh-mhargaidh agus aschur gníomhaíochtaí coimhdeacha a idirdhealú,
— 
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil
— 
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,
— 
allmhairí agus onnmhairí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
cáin bhreisluacha (CBL) móide cánacha eile, lúide fóirdheontais ar tháirgí a bhaineann le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
— 
ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamh-tháirgthe neamhairgeadais ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,
— 
tomhaltas deiridh na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil.

▼M3 —————

▼M2

Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.

3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin ►M3  AE-27 ◄ do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.

4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.

5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad miondealaithe de réir:

— 
cineálacha táirgeoirí/tomhaltóirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar atá sainmhínithe i Roinn 2,

▼M5

— 
grúpaí den aicmiú críoch comhshaoil (CEP) agus iad grúpáilte mar a leanas:
— 
CEP 01 — Aer agus aeráid;
— 
CEP 0301 — Bainistiú fuíolluisce;
— 
CEP 0401 — Bainistiú dramhaíola;
— 
CEP 0501 — Cosaint ithreach, uisce dromchla agus screamhuisce;
— 
CEP 0502 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach;
— 
CEP 06 — Torann agus radaíocht;
— 
Suim CEP 0701, CEP 0703, CEP 0705, CEP 0707, CEP 0709 — T&F maidir le hastaíochtaí aeir a laghdú agus a rialú, bainistiú fuíolluisce, bainistiú dramhaíola, ithir, dromchla, screamhuisce agus bithéagsúlacht agus torann agus radaíocht.

▼M2

— 
►M4  Na miondealuithe NACE seo a leanas maidir le táirgeadh coimhdeach seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil: NACE Ranna B, C, D agus Rannán 36. Cuirfear sonraí le haghaidh Roinn C i láthair mar a leanas: ◄
— 
NACE C10-C12 - Monarú táirgí bia; deochanna agus táirgí tobac
— 
NACE C17 - Monarú páipéir agus táirgí páipéir
— 
NACE C19-20 - Monarú cóic, ceimiceáin agus peitriliam scagtha agus táirgí ceimiceáin
— 
NACE C 21-23 - Monarú earraí cógaisíochta, rubair, plaistigh agus táirgí eile neamh-mhiotalacha
— 
NACE C 24 - Monarú miotal bunúsach
— 
NACE C 25-30 – Monarú táirgí déanta as miotal, lena n-áirítear innealra agus trealamh
— 
NACE C13-16, 18, 31-33 – gníomhaíochtaí monaraíochta eile

I gcás na mBallstát inar lú ná 1 % d’iomlán an Aontais méid iomlán an láimhdeachais nó an líon daoine atá fostaithe i gceann amháin nó níos mó de na miondealuithe NACE seo, ní gá dóibh sonraí a sholáthar maidir leis na miondealuithe NACE sin.

▼M5 —————

▼M1

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.