+Airteagal 4 1.

Airteagal 4 1.

Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis chos istigh a shealbhaíonn siad i ndáil le gnó nó le saoráidí ar leis an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó ar lena mháthairghnóthas nó ar le gnóthas gaolmhar é nó iad, nó a rialaíonn an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó a rialaíonn máthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar, nó a bhfuil an rannpháirtí margaidh sin nó an gnóthas sin freagrach as cúrsaí oibríochtúla ina leith, go hiomlán nó go páirteach, a nochtadh go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil. Áireofar ar an nochtadh faisnéise sin, faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur ►M2  leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ , nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin.

Nochtfaidh rannpháirtithe margaidh an fhaisnéis cos istigh trí IIPanna. Áiritheoidh na IIPanna go gcuirfear an fhaisnéis cos istigh ar fáil go poiblí ar bhealach a gcuireann ar a chumas don phobal rochtain phras a fháil ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin nó trí chomhéadan feidhmchláir soiléir, agus chun gur féidir leis an bpobal measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.