+Airteagal 4 Oibleagáid faisnéis chos istigh a fhoilsiú
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 4a.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
|
Airteagal 4 Oibleagáid faisnéis chos istigh a fhoilsiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis chos istigh a shealbhaíonn siad i ndáil le gnó nó le saoráidí ar leis an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó ar lena mháthairghnóthas nó ar le gnóthas gaolmhar é nó iad, nó a rialaíonn an rannpháirtí margaidh lena mbaineann, nó a rialaíonn máthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar, nó a bhfuil an rannpháirtí margaidh sin nó an gnóthas sin freagrach as cúrsaí oibríochtúla ina leith, go hiomlán nó go páirteach, a nochtadh go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil. Áireofar ar an nochtadh faisnéise sin, faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí i ndáil le táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur
►M2
leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ , nó faisnéis a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí LNG, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin. Nochtfaidh rannpháirtithe margaidh an fhaisnéis cos istigh trí IIPanna. Áiritheoidh na IIPanna go gcuirfear an fhaisnéis cos istigh ar fáil go poiblí ar bhealach a gcuireann ar a chumas don phobal rochtain phras a fháil ar an bhfaisnéis sin, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin nó trí chomhéadan feidhmchláir soiléir, agus chun gur féidir leis an bpobal measúnú iomlán, ceart agus tráthúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Féadfaidh rannpháirtí margaidh, faoina fhreagracht féin ar bhonn eisceachta, moill a chur le faisnéis chos istigh a nochtadh go poiblí, ionas nach ndéanfar dochar dá leasanna dlisteanacha féin ar choinníoll nach dóigh go gcuirfí an pobal ar míthreoir toisc nár nocht sé í agus ar choinníoll go bhfuil an rannpháirtí margaidh in ann rúndacht na faisnéise sin a áirithiú agus nach ndéanann sé cinntí a bhaineann le trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh agus atá bunaithe ar an bhfaisnéis sin. I gcás den sórt sin déanfaidh an rannpháirtí margaidh an fhaisnéis sin, mar aon le húdar maith a thabhairt i leith na moille ar nochtadh na faisnéise go poiblí, a sholáthar gan mhoill don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta ábhartha ag féachaint d’Airteagal 8(5).
|
|
Airteagal 4 3.
|
Aon uair a dhéanann rannpháirtí margaidh, nó duine atá fostaithe ag rannpháirtí margaidh nó atá ag gníomhú thar a cheann, faisnéis chos istigh a nochtadh maidir le táirge mórdhíola fuinnimh i ngnáthfheidhmiú a fhostaíochta, a ghairme nó a dhualgas, ar nithe iad sin dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(1), áiritheoidh sé, maidir le nochtadh poiblí na faisnéise sin, go ndéanfar é go comhuaineach, go hiomlán agus go héifeachtach. I gcás ina nochtar an fhaisnéis sin go neamhbheartaithe, áiritheoidh an rannpháirtí margaidh go ndéanfar nochtadh iomlán agus éifeachtach go poiblí ar an bhfaisnéis a luaithe is féidir tar éis an nochta neamhbheartaithe. Ní bheidh feidhm ag an mír seo má tá dualgas rúndachta ar an duine a fhaigheann an fhaisnéis, is cuma an eascraíonn an dualgas sin as dlí, as rialachán, as airteagail chomhlachais nó as conradh.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Maidir le foilsiú faisnéise cos istigh, lena n-áirítear í a fhoilsiú i bhfoirm chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, agus i gcomhréir le treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, is nochtadh éifeachtach é, ach ní gá gur nochtadh tráthúil poiblí é de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4 4a.
|
Faoin 8 Bealtaine 2025, déanfaidh an Ghníomhaireacht ardán a fhorbairt agus a oibriú a bheidh ag fónamh mar phointe rochtana leictreonaí earnáilsonrach le haghaidh faisnéis cos istigh a nochtar de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Más rud é, maidir leis an oibleagáid chun sonraí áirithe a fhoilsiú, go mbeifear tar éis díolúine ón oibleagáid sin a dheonú d'oibreoir córas tarchurtha i gcomhréir le
►M1
Rialachán (AE) 2019/943 ◄ nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, díolmhaítear leis sin an t-oibreoir sin freisin ón oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis na sonraí sin.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar d’oibleagáidí na rannpháirtithe margaidh faoi Threoir 2009/72/CE agus faoi Threoir 2009/73/CE, agus faoi
►M1
Rialachán (AE) 2019/943 ◄ agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun na dTreoracha agus na Rialachán sin, go háirithe maidir le tráthú agus modh foilsithe na faisnéise.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar do cheart na rannpháirtithe margaidh chun moill a chur ar nochtadh faisnéise íogaire a bhaineann le cosaint bonneagair chriticiúil, dá bhforáiltear i bpointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair criticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (
11
) má tá an fhaisnéis sin aicmithe mar fhaisnéis rúnda ina dtír féin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|