|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20:
(a)
chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, pointí (1), (2), (3) agus (5), a ailíniú chun comhleanúnachas a áirithiú le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais i réimsí na seirbhísí airgeadais agus an fhuinnimh;
(ii)
nuashonrú a dhéanamh ar na sainmhínithe dá dtagraítear i bpointe (i) chun fhorbairtí amach anseo i margaí mórdhíola fuinnimh a chur san áireamh agus chun na críche sin amháin;
(b)
chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thairseacha íosta a bhunú, agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh, chun teagmhais a shainaithint ar dóigh dóibh, dá gcuirfí ar fáil go poiblí iad, difear suntasach a dhéanamh do phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|