|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
(a)
liosta a tharraingt suas de na conarthaí agus de na díorthaigh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, ar nithe iad atá le tuairisciú i gcomhréir le mír 1, agus, i gcás inarb iomchuí, tairseacha de minimis iomchuí maidir le tuairisciú idirbheart a tharraingt suas;
(b)
rialacha comhionanna a ghlacadh maidir leis an tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1;
(c)
an tráthú agus an fhoirm ina mbeidh an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Cuirfear san áireamh leo córais tuairiscithe idirbheart atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht trádála chun drochúsáid margaidh a bhrath. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|