+Airteagal 8 Sonraí a bhailiú
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 1a.
---+Airteagal 8 1b.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
|
Airteagal 8 Sonraí a bhailiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh, nó duine nó eintiteas a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f)agus atá ag gníomhú thar a gceann, taifead ar idirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, a sholáthar don Ghníomhaireacht. Áireofar san fhaisnéis a thuairiscítear sainaithint bheacht na dtáirgí mórdhíola fuinnimh a ceannaíodh agus a díoladh, an praghas agus an chainníocht a comhaontaíodh, dátaí agus amanna an fhorghníomhaithe, na páirtithe san idirbheart agus tairbhithe idirmheánacha nó deiridh an idirbhirt agus aon fhaisnéis ábhartha eile. Cuirfidh rannpháirtithe margaidh san áireamh faisnéis faoina neamhchosaintí, arna mionsonrú de réir táirge, lena n-áirítear na hidirbhearta a tharlaíonn thar an gcuntar. Cé go bhfuil an fhreagracht fhoriomlán ar na rannpháirtithe margaidh, measfar an oibleagáid atá ar an rannpháirtí margaidh i dtrácht maidir le tuairisciú a bheith comhlíonta a luaithe a gheofar, ó dhuine nó eintiteas a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f), an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí shásraí tuairiscithe cláraithe.
|
|
Airteagal 8 1a.
|
Chun taifid ar idirbhearta ar an margadh mórdhíola fuinnimh a thuairisciú, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, arna ndéanamh, arna dtabhairt i gcrích nó arna bhforghníomhú in ionaid mhargaidh eagraithe, déanfaidh na hionaid mhargaidh eagraithe sin, nó tríú páirtithe thar a gceann, an méid seo a leanas:
(a)
sonraí a bhaineann leis an leabhar orduithe a chur ar fáil don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí na rannpháirtithe margaidh de bhun mhír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh thar a gceann; nó
(b)
arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht gan mhoill ar an leabhar orduithe ionas go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann faireachán a dhéanamh ar thrádáil ar an margadh mórdhíola fuinnimh.
Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na mionsonraí breise maidir le hoibriú na míre seo, lena n-áirítear na socruithe sonracha chun tuairisciú éifeachtach sonraí a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).
|
|
Airteagal 8 1b.
|
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh GNL agus aon duine nó eintiteas eile a liostaítear i mír 4, pointí (b) go (f), den Airteagal seo agus atá ag gníomhú thar a gceann, taifead de shonraí margaidh GNL a sholáthar go córasach don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
(a)
liosta a tharraingt suas de na conarthaí agus de na díorthaigh, lena n-áirítear orduithe chun trádáil a dhéanamh, ar nithe iad atá le tuairisciú i gcomhréir le mír 1, agus, i gcás inarb iomchuí, tairseacha de minimis iomchuí maidir le tuairisciú idirbheart a tharraingt suas;
(b)
rialacha comhionanna a ghlacadh maidir leis an tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 1;
(c)
an tráthú agus an fhoirm ina mbeidh an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Cuirfear san áireamh leo córais tuairiscithe idirbheart atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht trádála chun drochúsáid margaidh a bhrath.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Na daoine agus na heintitis dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) go (d), den Airteagal seo a thuairiscigh idirbhearta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní bheidh siad faoi réir oibleagáidí tuairiscithe dúbailte a bhaineann leis na hidirbhearta sin. Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfar, leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1a agus mír 2, a cheadú do mhargaí eagraithe agus do chórais meaitseála trádála nó do chórais tuairiscithe trádála taifid ar idirbhearta mórdhíola fuinnimh a sholáthar don Ghníomhaireacht.
|
|
Airteagal 8 4.
|
►M1
Chun críocha mhíreanna 1, 1a, agus 1b, déanfaidh siad seo a leanas faisnéis a sholáthar: ◄
(b)
tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí margaidh;
(c)
córas tuairiscithe trádála;
▼M1
(d)
ionad margaidh eagraithe, córas meaitseála trádála nó duine eile a shocraíonn nó a fhorghníomhaíonn idirbhearta go gairmiúil;
▼B
(e)
taisclann trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála; nó
(f)
údarás inniúil a bhfuil an fhaisnéis sin faighte aige i gcomhréir le hAirteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE nó ÚEUM nuair atá an fhaisnéis sin faighte aige i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir le hidirbhearta díorthacha, contrapháirtithe lárnacha agus taisclanna trádála.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Déanfaidh rannpháirtithe margaidh faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid na saoráidí i gcomhair táirgeadh, stóráil, tomhaltas nó tarchur
►M2
leictreachais, hidrigine nó gáis nádúrtha ◄ nó a bhaineann le hacmhainneacht agus úsáid saoráidí GNL, lena n-áirítear neamh-infhaighteacht phleanáilte nó neamhphleanáilte na saoráidí sin, agus faisnéis cos istigh a nochtar go poiblí de bhun Airteagal 4, chun faireachán a dhéanamh ar thrádáil i margaí mórdhíola fuinnimh. Déanfar na hoibleagáidí ar rannpháirtithe margaidh maidir le tuairisciú a íoslaghdú tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a thabhairt, nó codanna di, a bhailiú, i gcás inar féidir, ó fhoinsí atá ann cheana.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
(a)
rialacha comhionanna a ghlacadh maidir le tuairisciú faisnéise atá le soláthar i gcomhréir le mír 5 agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le tairseacha iomchuí do thuairisciú den sórt sin;
(b)
an tráthú agus an fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis sin le tuairisciú a leagan síos.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Tabharfar aird leo ar na hoibleagáidí tuairiscithe atá ann cheana faoi
►M1
Rialachán (AE) 2019/943 ◄ agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2009.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|