|
+Airteagal 13a 10. |
Airteagal 13a 10.I gcás ina ndéanann an Ghníomhaireacht iarratas ar údarú dá dtagraítear i mír 9, fíoróidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta an méid seo a leanas:
(a)
tá an cinneadh ón nGníomhaireacht barántúil; agus
(b)
tá aon bheart atá le déanamh comhréireach agus níl sé treallach ná iomarcach i bhfianaise ábhar na cigireachta ar an láthair. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b),den mhír seo, féadfaidh an t-údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an nGníomhaireacht mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an nGníomhaireacht chun drochamhras a bheith uirthi go ndearnadh sárú dá dtagraítear in Airteagal 13(3), maidir le tromchúis an tsáraithe amhrasta agus maidir le cineál rannpháirtíocht an duine atá faoi réir an imscrúdaithe. De mhaolú ar Airteagail 28 agus 29 de Rialachán (AE) 2019/942, ní bheidh an cinneadh ón nGníomhaireacht faoi réir a athbhreithnithe ach amháin ag an gCúirt Bhreithiúnais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|