+Airteagal 2 Raon feidhme
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.

Airteagal 2 Raon feidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

ceimiceáin ghuaiseacha áirithe atá faoi réir an nós imeachta um thoiliú feasach a chur in iúl roimh ré faoin gCoinbhinsiún, (“nós imeachta PIC”);

(b) 

ceimiceáin ghuaiseacha áirithe a gcuirtear toirmeasc nó srian mór orthu laistigh den Aontas nó laistigh de Bhallstát;

(c) 

ceimiceáin atá á n-onnmhairiú, a mhéid a bhaineann lena a n-aicmiú, lena bpacáistiú agus lena lipéadú.

Airteagal 2 2.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 lena leagtar síos rialacha chun faireachán a dhéanamh ar an trádáil i réamhtheachtaithe drugaí idir an Comhphobal agus tríú tíortha ( 1 );

(b) 

ábhair radaighníomhacha agus substaintí radaighníomhacha a chumhdaítear le Treoir 96/29/Euratom ón gComhairle an 13 Bealtaine 1996 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta chun sláinte oibrithe agus an phobail i gcoitinne a chosaint ar na contúirtí a éiríonn as radaíocht ianúcháin ( 2 );

(c) 

fuíll a chumhdaítear le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl ( 3 );

(d) 

airm cheimiceacha a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide, agus ar iad a bheith ar idirthuras ( 4 );

(e) 

bia agus breiseáin bia a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú ( 5 );

(f) 

bianna ainmhithe a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia ( 6 ), lena n-áirítear breiseáin, cibé an bhfuil siad próiseáilte, páirtphróiseáilte nó neamhphróiseáilte, arna gceapadh mar chothú de bhéal le haghaidh ainmhithe;

(g) 

orgánaigh ghéinmhodhnaithe a chumhdaítear le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh amach d’aonghnó sa chomhshaol ( 7 );

(h) 

ach amháin a mhéid a chumhdaítear le hAirteagal 3(5)(b) den Rialachán seo, táirgí íocshláinte dílseánaigh agus tairgí míochaine tréidliachta a chumhdaítear le Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine ( 8 ) agus le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta ( 9 ) faoi seach.

Airteagal 2 3.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le ceimiceáin arna n-onnmhairiú chun críche taighde nó anailíse i gcainníochtaí nach dóigh dóibh difear a dhéanamh do shláinte an duine ná don chomhshaol, agus ar aon chuma iad siúd nach bhfuil níos mó ná 10 kg ó gach onnmhaireoir chuig gach tír allmhairíochta in aghaidh na bliana féilire.

D’aineoinn na chéad fhomhíre, gheobhaidh onnmhaireoirí ceimiceán dá dtagraítear ann, áfach, uimhir thagartha shainaitheantais speisialta ón mBunachar Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(a) agus soláthróidh siad an uimhir thagartha shainaitheantais sin ina ndearbhú onnmhairíochta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.