|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Féadfar ceimiceáin arna liostú in Iarscríbhinn I a shannadh do cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de thrí ghrúpa ceimiceán, a leagtar amach mar Chuid 1, mar Chuid 2, agus mar Chuid 3 den Iarscríbhinn sin. Beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8, ina dtabharfar mionsonraí faoi chéannacht na substainte, faoin gcatagóir úsáide agus/nó faoin bhfochatagóir úsáide atá faoi réir srianta, an cineál srianta agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise, go háirithe faoi eisceachtaí ó cheanglais le haghaidh fógra onnmhairíochta. Chomh maith le bheith faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8, beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I incháilithe don nós imeachta um fhógra PIC a leagtar amach in Airteagal 11, ina dtabharfar mionsonraí faoi chéannacht na substainte agus faoin gcatagóir úsáide. Beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I faoi réir nós imeachta PIC ina dtabharfar an chatagóir úsáide agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise, go háirithe maidir le haon cheanglais le haghaidh fógra onnmhairíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|