+Airteagal 7 Ceimiceáin atá faoi réir fógra onnmhairíochta, ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC agus ceimiceáin atá faoi réir nós imeachta PIC
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.

Airteagal 7 Ceimiceáin atá faoi réir fógra onnmhairíochta, ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC agus ceimiceáin atá faoi réir nós imeachta PIC

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Liostófar in Iarscríbhinn I na ceimiceáin atá faoi réir fógra onnmhairíochta, na ceimiceáin atá incháilithe d’fhógra PIC agus na ceimiceáin atá faoi réir nós imeachta PIC.
Airteagal 7 2.
Féadfar ceimiceáin arna liostú in Iarscríbhinn I a shannadh do cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de thrí ghrúpa ceimiceán, a leagtar amach mar Chuid 1, mar Chuid 2, agus mar Chuid 3 den Iarscríbhinn sin.

Beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8, ina dtabharfar mionsonraí faoi chéannacht na substainte, faoin gcatagóir úsáide agus/nó faoin bhfochatagóir úsáide atá faoi réir srianta, an cineál srianta agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise, go háirithe faoi eisceachtaí ó cheanglais le haghaidh fógra onnmhairíochta.

Chomh maith le bheith faoi réir an nós imeachta um fhógra onnmhairíochta a leagtar síos in Airteagal 8, beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I incháilithe don nós imeachta um fhógra PIC a leagtar amach in Airteagal 11, ina dtabharfar mionsonraí faoi chéannacht na substainte agus faoin gcatagóir úsáide.

Beidh na ceimiceáin arna liostú i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I faoi réir nós imeachta PIC ina dtabharfar an chatagóir úsáide agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise, go háirithe maidir le haon cheanglais le haghaidh fógra onnmhairíochta.

Airteagal 7 3.
Cuirfear na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I ar fáil go poiblí trí bhíthin an Bhunachair Shonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.