+Airteagal 16 Faisnéis maidir le gluaiseachtaí idirthurais
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.

Airteagal 16 Faisnéis maidir le gluaiseachtaí idirthurais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Liostófar in Iarscríbhinn VI na Páirtithe sa Choinbhinsiún a éileoidh faisnéis maidir le gluaiseachtaí idirthurais ceimiceán a bheidh faoi réir nós imeachta PIC, mar aon leis an bhfaisnéis a éileoidh gach Páirtí sa Choinbhinsiún tríd an Rúnaíocht.
Airteagal 16 2.
I gcás ina n-iomprófar ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I trí chríoch Páirtí sa Choinbhinsiún a liostaítear in Iarscríbhinn VI, déanfaidh an t-onnmhaireoir, a mhéid is féidir, an fhaisnéis a éileoidh an Páirtí sa Choinbhinsiún i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a chur ar fáil d’údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora ina mbeidh sé bunaithe, tráth nach déanaí ná 30 lá sula ndéanfar an chéad ghluaiseacht idirthurais agus tráth nach déanaí ná ocht lá roimh gach gluaiseacht idirthurais dá éis sin.
Airteagal 16 3.
Déanfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora an fhaisnéis a fuair sé ón onnmhaireoir faoi mhír 2 a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún maille le cóip chuig an nGníomhaireacht, mar aon le haon fhaisnéis bhreise a bheidh ar fáil.
Airteagal 16 4.
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas faoi mhír 3 a chur ar aghaidh chuig údaráis náisiúnta ainmnithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún a éilíonn an fhaisnéis sin, mar aon le haon fhaisnéis bhreise a bheidh ar fáil, tráth nach déanaí ná 15 lá roimh an gcéad ghluaiseacht idirthurais agus roimh aon ghluaiseacht idirthurais dá éis sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.