+Airteagal 23 Na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
|
Airteagal 23 Na hIarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Athbhreithneoidh an Coimisiún an liosta ceimiceán in Iarscríbhinn I gach bliain ar a laghad, ar bhonn forbairtí i ndlí an Aontais agus faoin gCoinbhinsiún.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Agus cinneadh á dhéanamh an ionann gníomh rialála críochnaitheach ar leibhéal an Aontais agus toirmeasc nó srian mór, déanfar éifeacht an ghnímh sin a mheas ar leibhéal na bhfochatagóirí laistigh de na catagóirí “lotnaidicídí” agus “ceimiceáin thionsclaíocha”. Má chuireann an gníomh rialála críochnaitheach sin toirmeasc nó srian mór ar cheimiceán laistigh d’aon cheann de na fochatagóirí, cuimseofar i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I é. Agus cinneadh á dhéanamh an ionann gníomh rialála críochnaitheach ar leibhéal an Aontais agus toirmeasc nó srian mór ar dhóigh go mbeadh an ceimiceán sin incháilithe d’fhógra PIC faoi Airteagal 11, déanfar éifeacht an ghnímh sin a mheasúnú ar leibhéal na gcatagóirí “lotnaidicídí” agus “ceimiceáin thionsclaíocha”. Má chuireann an gníomh rialála críochnaitheach toirmeasc nó srian mór ar cheimiceán in aon cheann de na fochatagóirí, cuimseofar i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I freisin é.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Glacfar an cinneadh ceimiceáin a chuimsiú in Iarscríbhinn I, nó a n-iontráil a mhodhnú i gcás inarb iomchuí, gan mhoill mhíchuí.
|
|
Airteagal 23 4.
|
D’fhonn an Rialachán seo a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 maidir leis na bearta seo a leanas:
(a)
ceimiceán a chuimsiú i gCuid 1 nó i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I de bhun mhír 2 den Airteagal seo tar éis gnímh rialaithigh chríochnaithigh ar leibhéal an Aontais, agus leasuithe eile ar Iarscríbhinn I, lena n-áirítear modhnuithe ar iontrálacha atá ann cheana;
(b)
ceimiceán a bheidh faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha marthanacha (
14
) a chuimsiú i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V;
(c)
ceimiceán atá faoi réir cheana ag toirmeasc onnmhairíochta ar leibhéal an Aontais a chuimsiú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V;
(d)
iontrálacha atá cheana in Iarscríbhinn V a mhodhnú;
(e)
Iarscríbhinní II, III, IV agus VI a leasú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.10.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0649
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|