+Airteagal 7 Plean athchúrsála long
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
|
Airteagal 7 Plean athchúrsála long
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1.
|
Sula ndéanfar aon athchúrsáil ar long, ullmhófar plean athchúrsála long a bhainfidh le long faoi leith. Tabharfaidh an plean athchúrsála long aghaidh ar aon dálaí a bhainfidh leis an long faoi leith nach gclúdófar faoi phlean na saoráide athchúrsála long, nó a mbeidh nósanna imeachta speisialta ag teastáil dóibh.
|
|
Airteagal 7 2.
|
Maidir leis an bplean athchúrsála long:
(a)
is é oibreoir na saoráide athchúrsála long féin a fhorbróidh an plean i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún Hong Cong, agus treoirlínte ábhartha IMO agus an fhaisnéis is abhartha don long a sholáthraíonn úinéir na loinge i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(a) á gcur san áireamh, chun go mbeidh a bhfuil ann comhleanúnach leis an bhfaisnéis san fhardal ábhar guaiseach;
(b)
tabharfar soiléiriú ann an ndéanfar, agus a mhéad a dhéanfar, aon obair réamhullmhúcháin — amhail réamhchóireáil, guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus stórais a bhaint — ag ionad nach í an tsaoráid athchúrsála long í a luafar sa phlean athchúrsála long. Ba cheart go gcuimseofaí sa phlean athchúrsála long an t-ionad ina mbeidh an long féin á stáitsiú le linn oibríochtaí athchúrsála mar aon le plean achomair maidir le rochtain agus stáitsiú sábháilte na loinge faoi leith a bheidh le hathchúrsáil;
(c)
ba cheart go gcuimseofaí ann faisnéis maidir le bunú, agus coinneáil ar bun na gcoinníollacha “sábháilte chun dul isteach” agus “sábháilte chun obair theasa a dhéanamh” i leith na loinge faoi leith agus maidir le faireachán a dhéanamh orthu, agus sainghnéithe amhail a struchtúr, a cumraíocht agus a lasta roimhe seo á gcur san áireamh, agus aon fhaisnéis riachtanach eile maidir le modh cur chun feidhme an phlean athchúrsála long;
(d)
beidh faisnéis ann maidir le cineál agus méid na n-ábhar guaiseach agus na dramhaíola a ghinfidh long-athchúrsáil na loinge faoi leith, lena n-áirítear na hábhair sin agus an dramhaíl a shainaithneofar san fhardal ábhar guaiseach, agus maidir leis an gcaoi a gcóireálfar agus a stórálfar iad sa tsaoráid athchúrsála long agus i saoráidí eile ina dhiaidh sin; agus
(e)
ullmhófar plean ar leith do gach saoráid athchúrsála long lena mbaineann, i bprionsabal, i gcás ina n-úsáidfear níos mó ná saoráid athchúrsála long amháin, agus sainaithneofar ord na húsáide ann chomh maith leis na gníomhaíochtaí a údaraíodh agus a dhéanfar sna saoráidí sin.
|
|
Airteagal 7 3.
|
Formheasfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long go hintuigthe nó go sainráite i gcomhréir le ceanglais an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long, i gcás inarb infheidhme. Beidh formheas sainráite ann nuair a sheolfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoina chinneadh maidir leis an bplean athchúrsála long chuig oibreoir na saoráide athchúrsála long, chuig úinéir na loinge agus chuig an roinn riaracháin. Féadfar glacadh leis go bhfuil formheas intuigthe ann mura dtabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoi aon agóid in aghaidh an phlean athchúrsála long d’oibreoir na saoráide athchúrsála long, d’úinéir na loinge ná don roinn riaracháin laistigh de thréimhse athbhreithnithe a leagfar síos i gcomhréir le ceanglais an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long, i gcás inarb fheidhme, agus a dtabharfar an fógra faoi i gcomhréir le hAirteagal 15(2)(b).
|
|
Airteagal 7 4.
|
Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar a gcuid rann riaracháin an fhaisnéis a chuirfidh úinéir na loinge ar fáil de bhun Airteagal 6(1)(b) agus na sonraí seo a leanas a sheoladh chuig údarás inniúil an stáit ina bhfuil an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe:
(i)
an dáta ar cláraíodh an long sa stát a bhfuil a bhratach ar foluain aici;
(ii)
uimhir aitheantais na loinge (uimhir IMO);
(iii)
an uimhir cabhlach i gcás ina ndéanfar long nua a sheachadadh;
(iv)
ainm agus cineál na loinge;
(v)
an calafort lena bhfuil an long cláraithe;
(vi)
ainm agus seoladh an úinéara long agus uimhir aitheantais IMO an úinéara chláraithe;
(vii)
ainm agus seoladh na cuideachta;
(viii)
ainm aon chomhlacht aicmiúcháin a bhfuil an long cláraithe leo;
(ix)
príomhthréithe na loinge (Fad iomlán (LOA), Leithead (Múnlaithe), Doimhneacht (Múnlaithe), Tonnaí Toillíochta Éadroime (LDT), Olltonnáiste agus Glantonnáiste, agus cineál agus rátáil an innill).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|