+Airteagal 8 Suirbhéanna
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
|
Airteagal 8 Suirbhéanna
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Is oifigigh de chuid na roinne riaracháin nó de chuid eagraíochta aitheanta a údaróidh sí a dhéanfaidh suirbhéanna ar longa agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh acu.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcás ina mbainfidh roinn riaracháin leas as eagraíochtaí aitheanta chun suirbhéanna a dhéanamh, mar a léirítear i mír 1 é, tabharfaidh sí an chumhacht d’eagraíochtaí aitheanta den sórt sin an méid seo a leanas, ar a laghad, a dhéanamh:
—
a éileamh go gcomhlíonfaidh long a ndéanfaidh siad suirbhé uirthi an Rialachán seo, agus
—
suirbhéanna a dhéanamh arna iarraidh sin d’údaráis chuí de chuid Ballstáit.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Beidh longa faoi réir na suirbhéanna seo a leanas:
|
|
Airteagal 8 4.
|
Déanfar an suirbhé tosaigh ar long nua sula gcuirfear an long i seirbhís, nó sula n-eiseofar an deimhniú fardail. Maidir le longa atá ann cheana, déanfar suirbhé tosaigh laistigh faoin 31 Nollaig 2020. Fíorófar leis an suirbhé go bhfuil Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 8 5.
|
Déanfar an suirbhé athnuachana ag tréimhsí a shonróidh an roinn riaracháin, tréimhsí nach mbeidh níos faide ná cúig bliana. Fíorófar leis an suirbhé go bhfuil Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 8 6.
|
Déanfar an suirbhé breise, cibé acu suirbhé ginearálta nó páirteach a bheidh ann, ag brath ar na himthosca, arna iarraidh sin d’úinéir na loinge, tar éis struchtúr, trealamh, córais, feistis, cóirithe agus ábhar na loinge a athrú, a athsholáthar nó mórdheisiú a dhéanamh orthu, a mbeidh tionchar acu ar an bhfardal ábhar guaiseach. Déanfar an suirbhé ar bhealach lena n-áirithítear go ndearnadh aon athrú, aon athsholáthar nó aon mhórdheisiú go gcomhlíonfaidh an long ceanglais an Rialacháin seo fós féin, agus go leasófar Cuid I d’fhardal na n-ábhar guaiseach de réir mar is gá.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Déanfar an suirbhé deiridh sula dtógfar an long as seirbhís agus sula gcuirfear tús le hathchúrsáil na loinge. Fíorófar an méid seo a leanas leis an suirbhé sin:
(a)
go gcomhlíonann fardal na n-ábhar guaiseach ceanglais Airteagal 5;
(b)
gur léiriú ceart é an plean athchúrsála long ar an bhfaisnéis atá i bhfardal na n-ábhar guaiseach agus go gcomhlíonann sé ceanglais Airteagal 7;
(c)
go n-áirítear sa Liosta Eorpach an tsaoráid athchúrsála long ina bhfuil an long le hathchúrsáil.
|
|
Airteagal 8 8.
|
I gcás long atá ann cheana agus a bhfuil a long-athchúrsáil beartaithe, féadfaidh sé go ndéanfar an suirbhé tosaigh agus an suirbhé deiridh ag an am céanna.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|