+Airteagal 11 Rialú Stát an chalafoirt
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Rialú Stát an chalafoirt
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Cuirfidh Ballstáit forálacha rialála i bhfeidhm maidir le longa i gcomhréir lena ndlí náisiúnta ag féachaint do Threoir 2009/16/CE. Faoi réir mhír 2, ní bheidh d’fheidhm ag scrúdúchán den sórt sin ach a sheiceáil go mbeidh deimhniú fardail nó deimhniú ullmhachta chun athchúrsála ar bord ar deimhniú é a cheapfar, i gcás ina mbeidh sé bailí, bheith leordhóthanach chun an scrúdúchán a fhormheas.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Féadfaidh an t-údarás iomchuí a mbaineann gníomhaíochtaí rialaithe Stát an chalafoirt leis mionchigireacht a dhéanamh, agus treoirlínte IMO lena mbaineann á gcur san áireamh aige, i gcás nach mbeidh deimhniú bailí ar bord nó go mbeidh cúiseanna soiléire ann le ceann den dá ní seo a leanas a chreidiúint:
(a)
nach bhfuil riocht nó trealamh na loinge ag teacht, cuid mhaith, le sonraí an deimhnithe, le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach, nó an dá rud; nó
(b)
nach gcuirtear aon nós imeachta chun feidhme ar bord na loinge le Cuid I den fhardal ábhar guaiseach a choimeád ar bun.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Féadfar rabhadh a thabhairt i leith loinge, í a choinneáil, í a chur chun bealaigh nó í a eisiamh ó na calafoirt nó ó chríochfoirt amach ón gcósta a bheidh faoi dhlínse Ballstáit, i gcás nach gcuirfear faoi bhráid údarás ábhartha an Bhallstáit sin cóip den deimhniú fardail nó cóip den deimhniú ullmhachta chun athchúrsála, de réir mar is iomchuí, agus arna iarraidh sin do na húdaráis sin, gan dochar d’Airteagal 9. Aon Bhallstát a dhéanfaidh gníomh den sórt sin, cuirfidh sé roinn riaracháin na loinge lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn. I gcás nach mbeidh fardal na n-ábhar guaiseach tugtha cothrom le dáta, ní uireasa inchoinneála, ach tuairisceofar aon neamhréireachtaí i bhfardal na n-ábhar guaiseach don roinn riaracháin lena mbaineann agus ceartófar iad tráth a ndéanfar an chéad suirbhé eile.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Féadfaidh údarás ábhartha Ballstáit rochtain ar chalafort ar leith nó ar ancaireacht ar leith a cheadú i gcás force majeure nó cúinsí sáraitheacha sábháilteachta, nó chun an baol truaillithe a mhaolú nó a íoslaghdú nó chun uireasaí a cheartú, ar an gcoinníoll go mbeidh bearta leordhóthanacha curtha chun feidhme ag an úinéir, ag an oibreoir nó ag an máistir loinge chun sástachta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin d’fhonn dul isteach sábháilte a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|