+Airteagal 12 Ceanglais le haghaidh long a bheidh faoi bhratach tríú tír
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.
---+Airteagal 12 6.
---+Airteagal 12 7.
---+Airteagal 12 8.
|
Airteagal 12 Ceanglais le haghaidh long a bheidh faoi bhratach tríú tír
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2) maidir le long a bheidh ar cuairt chuig calafort nó chuig ancaireacht de chuid Bhallstáit, beidh ar bord na loinge a bheidh faoi bhratach tríú tír fardal ábhar guaiseach a chomhlíonfaidh forálacha Airteagal 5(2). In ainneoin na chéad fhomhíre, is féidir go gceadóidh údarás ábhartha Ballstáit rochtain ar chalafort nó ar ancaireacht ar leith i gcás force majeure nó cúinsí sáraitheacha sábháilteachta, nó chun an baol truaillithe a mhaolú nó a íoslaghdú nó chun uireasaí a cheartú, ar an gcoinníoll go mbeidh bearta leordhóthanacha curtha chun feidhme ag an úinéir, ag an oibreoir nó ag an máistir loinge chun sástachta údaráis ábhartha an Bhallstáit sin d’fhonn dul isteach sábháilte a áirithiú.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Toirmiscfear ábhair ghuaiseacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I nó cuirfear srian lena suiteáil ar longa a bheidh faoi bhratach tríú tír, agus iad i gcalafort nó ar ancaireacht de chuid Bhallstáit, de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn I. Déanfar úsáid na n-ábhar guaiseach, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, ar longa a bheidh faoi bhratach tríú tír, a thoirmisc nó a shrianadh, agus iad i gcalafort nó ar ancaireacht de chuid Bhallstáit, de réir mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, gan dochar do na díolúintí ná do na socruithe idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na na hábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Beidh fardal na n-ábhar guaiseach sonrach do gach long ar leith, tiomsófar é agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh agus soiléireofar ann go bhfuil an long ag cloí le mír 2 den Airteagal seo. Nuair a fhorbrófar fardal na n-ábhar guaiseach, déanfar na hábhair ghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar a laghad, a shainaithint. Bunóidh an long a bheidh faoi bhratach tríú tír plean ina ndéanfar cur síos ar an tseiceáil amhairc/ar an tseiceáil de réir samplála, ar dá réir a forbraíodh fardal na n-ábhar guaiseach agus treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Coimeádfar fardal na n-ábhar guaiseach mar is ceart agus tabharfar cothrom le dáta é mar is ceart i gcaitheamh shaolré oibríochtúil na loinge, agus áiritheofar ann aon suiteálacha nua ina mbeidh ábhar guaiseach dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus aon athruithe ábhartha ar struchtúr agus ar threalamh na loinge, agus na díolúintí agus na socruithe idirthréimhseacha is infheidhme maidir leis na hábhair sin faoin dlí idirnáisiúnta á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 12 5.
|
Féadfar rabhadh a thabhairt i leith loinge a bheidh faoi bhratach tríú tír, í a choinneáil, í a chur chun bealaigh nó í a eisiamh ó na calafoirt nó ó chríochfoirt amach ón gcósta a bheidh faoi dhlínse Ballstáit, sa chás nach gcuirfear faoi bhráid údarás ábhartha an Bhallstáit sin cóip den ráiteas lena ndeimhneofar go bhfuil na forálacha dá dtagraítear i mír 6 agus i mír 7 á gcomhlíonadh aici mar aon le fardal na n-ábhar guaiseach, mar is iomchuí agus arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha. Aon Bhallstát a dhéanfaidh an gníomh sin, cuirfidh sé údaráis ábhartha an tríú tír a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn. I gcás ina mainneofar fardal na n-ábhar guaiseach a thabhairt cothrom le dáta, ní uireasa inchoinneála, ach tuairisceofar aon neamhréireachtaí i bhfardal na n-ábhar guaiseach d’údarais ábhartha an tríú tír a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long sin.
|
|
Airteagal 12 6.
|
Eiseofar an ráiteas maidir le comhlíonadh, tar éis d’údaráis ábhartha an tríú tír a mbeidh a bhratach ar foluain ag an long, nó d’aon eagraíocht a údaróidh siad, fardal na n-ábhar guaiseach a fhíorú i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta. Féadfar an ráiteas maidir le comhlíonadh a bhunú ar bhonn Aguisín 3 a ghabhann le Coinbhinsiún Hong Cong.
|
|
Airteagal 12 7.
|
Tarraingeofar suas an ráiteas maidir le comhlíonadh agus fardal na n-ábhar guaiseach i dteanga oifigiúil údarais ábhartha eisiúna an tríú tír a bhfuil a bhratach ar foluain ag an long agus, i gcás nach Béarla, Fraincis nó Spáinnis í an teanga atá in úsáid, áireofar aistriúchán go ceann amháin de na teangacha sin sa téacs.
|
|
Airteagal 12 8.
|
Faoi réir phointe (b) d’Airteagal 32(2) áiritheoidh longa a bheidh faoi bhratach tríú tír agus iarratas istigh acu lena gclárú faoi bhratach de chuid Ballstáit go mbeidh ar bord acu fardal ábhar guaiseach, dá bhforáiltear in Airteagal 5(2), nó go mbunófar ceann laistigh de shé mhí tar éis dóibh clárú faoi bhratach an Bhallstáit sin nó le linn an chéad suirbhé eile faoi Airteagal 8(3), cibé ceann acu is luaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|