|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Chun go n-áireofar í sa Liosta Eorpach, comhlíonfaidh saoráid athchúrsála long na ceanglais seo a leanas, i gcomhréir le forálacha ábhartha Choinbhinsiún Hong Cong agus treoirlínte ábhartha IMO, EIS, Choinbhinsiún Basel agus Choinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Bhuanmharthanacha agus treoirlínte idirnáisiúnta eile á gcur san áireamh:
(a)
tá údarás aici óna húdaráis inniúla a cuid oibríochtaí athchúrsála long a dhéanamh;
(b)
tá a dearadh, a tógáil agus a hoibriú sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(c)
oibríonn sí ar struchtúir a tógadh;
(d)
bunaíonn sí córais bainistíochta agus faireacháin, nósanna imeachta agus teicnící a bhfuil sé mar aidhm acu na nithe seo a leanas a chosc, a mhaolú, a íoslaghdú agus, a mhéid is féidir, a dhíothú:
(i)
rioscaí do shláinte na n-oibrithe lena mbaineann agus don daonra atá i gcomharsanacht na saoráide athchúrsála long; agus
(ii)
éifeachtaí díobhálacha ar an gcomshaol arb í an athchúrsáil long is cionsiocair leo;
(e)
déanann sí plean saoráide athchúrsála long a ullmhú;
(f)
déanann sí éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus an chomhshaoil a chosc, lena n-áirítear smachtú ar aon sceitheadh a d’fhéadfadh bheith ann, i limistéir idirthaoideacha go háirithe, a thaispeáint;
(g)
déanann sí a áirithiú go ndéanfar ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl a bhainistiú ar bhealach sábháilte agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear:
(i)
rialú a dhéanamh ar gach ábhar guaiseach a bheidh ar bord le linn phróiseas athchúrsála long tríd síos, d’fhonn aon scaoileadh de na hábhair sin isteach sa chomhshaol a sheachaint; agus, fairis sin, gan ábhair ghuaiseacha agus dramhaíl a bheith á láimhseáil le linn phróiseas athchúrsála long ach amháin ar urláir neamhscagacha ag a mbeidh córais éifeachtacha draenála;
(ii)
féachaint chuige go ndéanfar cibé dramhaíl a thiocfaidh as gníomhaíocht athchúrsála long, agus a cainníochtaí, a dhoiciméadú agus gur chuig saoráidí bainistithe dramhaíola amháin a aistreofar í, saoráidí a údarófar chun í a chóireáil gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol;
(h)
déanann sí plean ullmhachta agus freagartha le haghaidh cásanna práinne a bhunú agus a choinneáil ar bun; féachaint chuige go mbeidh rochtain ag trealamh práinnfhreagartha, amhail trealamh agus feithiclí comhraicthe dóiteáin, otharchairr agus crainn tógála, ar an long agus ar gach limistéar sa tsaoráid athchúrsála long;
(i)
déanann sí soláthar a dhéanamh maidir le sábháilteacht agus oiliúint oibrithe, lena n-áirítear féachaint chuige go n-úsáidfear trealamh cosanta pearsanta le linn oibríochtaí ina mbeidh an trealamh sin ag teastáil;
(j)
déanann sí taifid a choinneáil ar theagmhais, ar óspairtí, ar ghalair cheirde agus ar éifeachtaí ainsealacha, agus arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla, tuairisc a thabhairt ar aon teagmhais, aon óspairtí, aon ghalair cheirde nó aon éifeachtaí ainsealacha a chuirfeadh sábháilteacht oibrithe, sláinte an duine nó an comhshaol i mbaol, nó a d’fhéadfadh iad a chur i mbaol;
(k)
aontaíonn sí go ndéanfaidh sí ceanglais mhír 2 a chomlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|