+Article 10 8.

Article 10 8.

Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an trealamh raidió. Áireofar sna treoracha an fhaisnéis is gá chun trealamh raidió a úsáid i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe dó. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar ghabhálais agus ar chomhpháirteanna, lena náirítear bogearraí, lenar féidir leis an trealamh raidió oibriú mar atá beartaithe. Beidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir sothuigthe inléite.

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas freisin sna treoracha i gcás trealamh raidió a astaíonn radathonnta d’aon ghnó:

(a) 

banda minicíochta nó bandanna minicíochta ina n-oibríonn an trealamh raidió;

(b) 

uaschumhacht radaimhinicíochta a tharchuirtear sa bhanda minicíochta nó sna bandaí minicíochta ina n-oibríonn an trealamh raidió.

I gcás trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4), beidh faisnéis sna treoracha faoi na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió agus na gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha, mar a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn Ia. Chomh maith le bheith san áireamh sna treoracha, nuair a chuireann na monaróirí trealamh raidió den sórt sin ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, déanfar an fhaisnéis a thaispeáint ar lipéad freisin, mar a leagtar amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn Ia. Déanfar an lipéad a priontáil sna treoracha agus ar an bpacáistíocht, nó déanfar é a ghreamú den phacáistíocht mar ghreamán. In éagmais pacáistíochta, déanfar an greamán ar a bhfuil an lipéad a ghreamú den trealamh raidió. Nuair a chuirfear an trealamh raidió ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, beidh an lipéad ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais. I gcás nach féidir a mhalairt a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an trealaimh raidió, féadfar an lipéad a phriontáil mar dhoiciméad ar leithligh a ghabhann leis an trealamh raidió.

Na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo, beidh siad i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Codanna II agus IV d’Iarscríbhinn Ia a leasú, mar thoradh ar leasuithe ar Chuid I den Iarscríbhinn sin, nó mar thoradh ar leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, nó i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, trí aon mhionsonraí maidir leis an bhfaisnéis nó na heilimintí grafacha nó téacsúla, mar a leagtar amach san Airteagal seo, a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur leo nó a bhaint.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0053
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.