|
+IARSCRÍBHINN Ia SONRAÍOCHTAÍ AGUS FAISNÉIS A BHAINEANN LE LUCHTÚ IS INFHEIDHME MAIDIR LE CATAGÓIRÍ NÓ AICMÍ ÁIRITHE DE THREALAMH RAIDIÓ |
IARSCRÍBHINN Ia SONRAÍOCHTAÍ AGUS FAISNÉIS A BHAINEANN LE LUCHTÚ IS INFHEIDHME MAIDIR LE CATAGÓIRÍ NÓ AICMÍ ÁIRITHE DE THREALAMH RAIDIÓ
IARSCRÍBHINN Ia SONRAÍOCHTAÍ AGUS FAISNÉIS A BHAINEANN LE LUCHTÚ IS INFHEIDHME MAIDIR LE CATAGÓIRÍ NÓ AICMÍ ÁIRITHE DE THREALAMH RAIDIÓ Cuid I Sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin 1. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 den Chuid seo maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió seo a leanas:
1.1.
gutháin phóca iniompartha;
1.2.
táibléid;
1.3.
ceamaraí digiteacha;
1.4.
cluasáin;
1.5.
ceannfhearais;
1.6.
consóil físchluichí láimhe;
1.7.
callairí iniompartha;
1.8.
ríomhléitheoirí;
1.9.
méarchláir;
1.10.
lucha;
1.11.
córais loingseoireachta iniompartha;
1.12.
cluasáin bhachlóige;
1.13.
ríomhairí glúine. 2. A mhéid is féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge, maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió seo a leanas dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo:
2.1.
feisteofar iad le gabhdán USB Type-C, mar a thuairiscítear i gcaighdeán ►M3 EN IEC 62680-1-3:2022 ◄ “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coitianta - Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®”, agus beidh an gabhdán sin inrochtana agus oibríochtúil i gcónaí;
2.2.
beifear in ann iad a athluchtú le cáblaí a chomhlíonann caighdeán ►M3 EN IEC 62680-1-3:2022 ◄ “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-3: Comhpháirteanna coitianta – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®”. 3. A mhéid is féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 Volta, sruthanna is airde ná 3 Aimpéar nó cumhachtaí is airde ná 15 Vata, maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo:
3.1.
ionchorprófar iontu USB Power Delivery iontu, mar a thuairiscítear i gcaighdeán ►M3 EN IEC 62680-1-2:2022 ◄ “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coitianta - Sonraíocht maidir le USB Power Delivery”;
3.2.
áiritheofar leo go gceadófar le haon phrótacal luchtaithe breise feidhmiúlacht iomlán USB Power Delivery dá dtagraítear i bpointe 3.1., gan beann ar an ngléas luchtúcháin a úsáidtear. Cuid II Faisnéis faoi shonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus na Gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha I gcás trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3(4), an chéad fhomhír, léireofar an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(8), agus féadfar í a chur ar fáil freisin trí bhíthin cóid QR nó réitigh leictreonacha chomhchosúla:
(a)
i gcás gach catagóire nó aicme de threalamh raidió atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach i gCuid I, tuairisc ar riachtanais chumhachta na ngléasanna luchtúcháin sreinge is féidir a úsáid leis an trealamh raidió sin, lena n-áirítear an chumhacht íosta is gá chun an trealamh raidió a luchtú, agus an chumhacht uasta is gá chun an trealamh raidió a luchtú ag an luas uasta luchtúcháin arna shloinneadh i Vatanna tríd an téacs seo a leanas a thaispeáint: “an chumhacht arna soláthar leis an luchtaire, ní mór di a bheith idir [xx] Vata ar a laghad, a theastaíonn ón trealamh raidió, agus [yy] Vata ar a mhéad chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach”. Le líon na Vatanna, léireofar, faoi seach, an chumhacht íosta a theastaíonn ón trealamh raidió, agus an chumhacht uasta a theastaíonn ón trealamh raidió chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach;
(b)
i gcás trealamh raidió atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid I, tuairisc ar na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió, a mhéid is féidir é a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 Volta, ag sruthanna is airde ná 3 Aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 Vata, tuairisc lena n-áirítear léiriú go bhfuil an prótacal luchtúcháin maidir le USB Power Delivery ar fáil don trealamh raidió tríd an téacs “mearluchtú USB PD” a thaispeáint agus léiriú maidir le haon phrótacal luchtúcháin eile atá ar fáil trína ainm a thaispeáint i bhformáid téacs. Cuid III Picteagram lena léirítear cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san Áireamh leis an trealamh raidió 1. Beidh an picteagram sna formáidí seo a leanas:
1.1.
Má tá gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió:
1.2.
Mura bhfuil aon ghléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió:
2. Féadfar cuma éagsúil a bheith ar an bpicteagram (e.g. ó thaobh a dhatha nó a thiúis líne de nó bíodh sé soladach nó cuasach), ar choinníoll go bhfanann sé infheicthe agus inléite. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an picteagram, cloífear leis na comhréireanna a leagtar amach sna líníochtaí i bpointe 1 den Chuid seo. Beidh an toise “a” dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo níos mó ná 7 mm nó cothrom leis, gan beann ar an athrú. Cuid IV Inneachar agus formáid an lipéid 1. Beidh an lipéad san fhormáid seo a leanas:
2. Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn don chumhacht íosta a theastaíonn ón trealamh raidió chun é a luchtú in ionad na litreacha “XX”, lena gcinntear an chumhacht íosta nach mór do ghléas luchtúcháin a sholáthar chun an trealamh raidió a luchtú. Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn don chumhacht uasta a theastaíonn ón trealamh raidió chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach in ionad na litreacha “YY”, lena gcinntear an chumhacht mach mór do ghléas luchtúcháin a sholáthar ar a laghad chun an luas uasta luchtúcháin sin a bhaint amach. Léireofar an giorrúchán “USB PD” (USB Power Delivery) má tá an prótacal cumarsáide luchtúcháin sin ar fáil don trealamh raidió. Is prótacal é “USB PD” lena rialaítear an seachadadh srutha is tapúla ón ngléas luchtúcháin go dtí an trealamh raidió gan saolré an cheallra a ghiorrú. 3. Féadfar cuma éagsúil a bheith ar an bpicteagram (e.g. ó thaobh a dhatha nó a thiúis líne de nó bíodh sé soladach nó cuasach), ar choinníoll go bhfanann sé infheicthe agus inléite. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an lipéad, cloífear leis na comhréireanna a leagtar amach sa líníocht i bpointe 1 den Chuid seo. Beidh an toise “a” dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo níos mó ná 7 mm nó cothrom leis, gan beann ar an athrú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|