|
+Airteagal 1 Cuspóirí ---+Article 1 1. ---+Article 1 2. |
Airteagal 1 CuspóiríAirteagal 1 Cuspóirí 1. Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú san Aontas trína áirithiú go dtuairiscítear, go mbailítear, go stóráiltear, go gcosnaítear, go malartaítear agus go scaiptear faisnéis ábhartha a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta sibhialta agus go ndéantar anailís uirthi. Áirithítear leis an Rialachán seo: (a) i gcás inarb iomchuí, go ndéantar beart sábháilteachta go tráthúil bunaithe ar anailís arna déanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear; (b) go mbeidh faisnéis sábháilteachta fós ar fáil trí rialacha maidir le rúndacht agus maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis a thabhairt isteach agus trí chosaint chomhchuibhithe agus fheabhsaithe a thabhairt do tuairisceoirí agus do dhaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe; agus (c) go mbreathnófar ar rioscaí i dtaobh shábháilteacht na heitlíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus go ndéileálfar leo ar na leibhéil sin freisin. 2. Is é an t-aon chuspóir atá le tuairisciú ar tharluithe tionóiscí agus teagmhais a chosc seachas milleán nó dliteanas a shannadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|