|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (1) ciallaíonn “tuairisceoir” duine nádúrtha a thuairiscíonn tarlú nó faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht de bhun an Rialacháin seo; (2) ciallaíonn “aerárthach” aon mheaisín is féidir tacaíocht a fháil san atmaisféar ó imoibrithe an aeir seachas imoibrithe an aeir i gcoinne dhromchla an domhain; (3) ciallaíonn “teagmhas” teagmhas de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010; (4) ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas tromchúiseach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010; (5) ciallaíonn “tionóisc” tionóisc de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010; (6) ciallaíonn “faisnéis atá curtha ó aithint” faisnéis a eascraíonn ó thuarascálacha ar tharluithe as ar baineadh na sonraí pearsanta uile amhail ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha; (7) ciallaíonn “tarlú” aon imeacht a bhaineann le sábháilteacht a chuireann aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile i mbaol nó a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí é nó mura dtabharfaí aghaidh air, agus áirítear air tionóisc nó teagmhas tromchúiseach go háirithe; (8) ciallaíonn “eagraíocht” aon eagraíocht a chuireann táirgí eitlíochta ar fáil agus/nó a fhostaíonn na daoine a bhíonn ag teastáil chun tarluithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4(6) nó a dhéanann conradh leis na daoine sin nó a bhaineann úsáid as seirbhísí na ndaoine sin; (9) ciallaíonn “anaithnidiú” na sonraí pearsanta ar fad a bhaineann leis an tuairisceoir agus leis na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe agus aon sonraí, lena n-áirítear ainm na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí a bhfuil baint aici nó acu leis an tarlú, ar sonraí iad a bhféadfaí céannacht an tuairisceora nó céannacht tríú páirtí a nochtadh leo nó a bhféadfaí an fhaisnéis sin a thuiscint ón tuarascáil ar tharlú, a bhaint de thuarascálacha ar tharluithe; (10) ciallaíonn “guais” coinníoll nó rud ag a bhfuil an acmhainneacht bás a thabhairt ar dhuine, duine a ghortú, díobháil a dhéanamh do threalamh nó do struchtúir, ábhair a chailleadh, nó laghdú a dhéanamh ar chumas duine feidhm fhorordaithe a chomhlíonadh; (11) ciallaíonn “údarás um imscrúdú sábháilteachta” an t-údarás náisiúnta buan um imscrúdú sábháilteachta eitlíochta sibhialta atá i mbun imscrúduithe sábháilteachta nó i mbun formhaoirseachta orthu mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010; (12) ciallaíonn an “cultúr cóir” an cultúr atá ann nuair nach gcuirtear pionós ar oibreoirí tosaigh nó ar dhaoine eile as gníomhartha, easnaimh nó cinntí arna ndéanamh acu atá i gcomhréir lena dtaithí agus lena n-oiliúint, ach nuair nach nglactar le mórfhaillí, le sáruithe toiliúla agus le gníomhartha scriosacha; (13) ciallaíonn “pointe teagmhála”: (a) i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear i mBallstát iarraidh ar fhaisnéis, an t-údarás inniúil atá ainmnithe ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6(3); (b) i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear lasmuigh den Aontas iarraidh ar fhaisnéis, an Coimisiún; (14) ciallaíonn “páirtí leasmhar” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó ná bíodh, is féidir bheith rannpháirteach i bhfeabhsú na sábháilteachta eitlíochta trí rochtain a bheith aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe arna malartú ag na Ballstáit agus a thagann faoi chatagóir amháin de pháirtithe leasmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn II; (15) ciallaíonn an “Clár Sábháilteachta Stáit” sraith chomhtháite gníomhartha dlíthiúla agus gníomhaíochtaí lena ndírítear ar shábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú i mBallstát; (16) ciallaíonn an “Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” measúnú ar shaincheisteanna sábháilteachta agus an plean gníomhaíochta a bhaineann leis ar an leibhéal Eorpach; (17) ciallaíonn an “Clár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” an tsraith chomhtháite rialachán ar leibhéal an Aontais, in éineacht leis na gníomhaíochtaí agus na próisis a úsáidtear chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a bhainistiú i gcomhpháirt ar an leibhéal Eorpach; (18) ciallaíonn “córas bainistíochta sábháilteachta” cur chuige córasach chun sábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú lena n-áirítear na struchtúir, na freagrachtaí, na beartais agus na nósanna imeachta eagraíochtúla is gá agus áirítear leis aon chóras bainistíochta, atá neamhspleách nó comhtháite le córais bhainistíochta eile de chuid na heagraíochta, a thugann aghaidh ar an tsábháilteacht a bhainistiú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|