|
+Airteagal 3 Ábhar agus raon feidhme ---+Article 3 1. ---+Article 3 2. |
Airteagal 3 Ábhar agus raon feidhmeAirteagal 3 Ábhar agus raon feidhme 1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha (a) maidir le tuairisciú ar tharluithe a chuireann an t-aerárthach, na daoine atá ar bord, aon duine eile, an trealamh nó an tsuiteáil lena ndéantar difear d'oibríochtaí an aerárthaigh i mbaol nó tarluithe a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí iad nó mura dtabharfaí aghaidh orthu; agus tuairisciú ar aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht sa chomhthéacs sin; (b) maidir le hanailís agus maidir le bearta leantacha i dtaca le tarluithe arna dtuairisciú agus maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht; (c) maidir le lucht gairme na heitlíochta a chosaint; (d) maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis sábháilteachta arna bailiú; (e) maidir le faisnéis a chomhtháthú sa Stór Lárnach Eorpach; agus (f) maidir leis an bhfaisnéis anaithnid a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara chun an fhaisnéis a theastaíonn uathu d'fhonn sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a fheabhsú a chur ar fáil dóibh. 2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le haerárthaí sibhialta a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ►C1 ( 1 ) ◄ maidir leo. Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht i dtaca le haerárthaí gan foireann nach bhfuil deimhniú nó dearbhú de dhíth orthu de bhun Airteagal 56(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2018/1139, murab é gur bhain gortú marfach nó tromchúiseach do dhuine mar gheall ar an tarlú sin nó mar gheall ar fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht nó má bhí baint ag aerárthaí eile leis an tarlú, amach ó aerárthaí gan foireann. Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le tarluithe agus maidir le faisnéis eile a bhaineann leis na haerárthaí nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 maidir leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|