|
+Airteagal 6 Faisnéis a bhailiú agus a stóráil ---+Article 6 1. ---+Article 6 2. ---+Article 6 3. ---+Article 6 4. ---+Article 6 5. ---+Article 6 6. ---+Article 6 7. ---+Article 6 8. ---+Article 6 9. ---+Article 6 10. |
Airteagal 6 Faisnéis a bhailiú agus a stóráilAirteagal 6 Faisnéis a bhailiú agus a stóráil 1. Maidir le sonraí i dtaca le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5, ainmneoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát duine amháin nó níos mó chun bailiú, próiseáil agus stóráil na sonraí sin agus an mheastóireacht agus anailís orthu a láimhseáil go neamhspleách. Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht an té a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn. 2. Trí chomhaontú leis an údarás inniúil, féadfaidh eagraíochtaí beaga sásra simplithe a chur ar bun le sonraí tarluithe a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus le meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu. Féadfaidh siad na cúraimí sin a roinnt le heagraíochtaí den chineál céanna, agus na rialacha maidir le rúndacht agus le cosaint de bhun an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an am céanna. 3. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách. Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críoch eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú, d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn. Is iad seo a leanas na húdaráis a bhféadfaí a ainmniú de bhun na chéad fomhíre, i gcomhpháirt nó go leithleach: (a) an t-údarás náisiúnta um eitlíocht shibhialta; agus/nó (b) an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta; agus/nó (c) aon chomhlacht nó eintiteas neamhspleách eile atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil an fheidhm sin curtha de chúram air. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná comhlacht nó eintiteas amháin, ainmneoidh sé ceann acu sin mar phointe teagmhála le haghaidh an aistrithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(2). 4. Ainmneoidh an Ghníomhaireacht duine amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách. Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn. 5. Stórálfaidh eagraíochtaí tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí amháin nó níos mó. 6. Stórálfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le Airteagal 5 i mbunachar sonraí náisiúnta. 7. Stórálfar faisnéis ábhartha maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha sa bhunachar sonraí náisiúnta sin freisin, ar faisnéis í a bhaileoidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta nó a eiseoidh siad. 8. Stórálfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí. 9. Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010. 10. Beidh rochtain iomlán ag údaráis eitlíochta sibhialta na mBallstát ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun críocha a bhfreagrachtaí a bhaineann le sábháilteacht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|