|
+Airteagal 10 An fhaisnéis sábháilteachta a stóráiltear sa Stór Lárnach Eorpach a scaipeadh ---+Article 10 1. ---+Article 10 2. ---+Article 10 3. ---+Article 10 4. |
Airteagal 10 An fhaisnéis sábháilteachta a stóráiltear sa Stór Lárnach Eorpach a scaipeadhAirteagal 10 An fhaisnéis sábháilteachta a stóráiltear sa Stór Lárnach Eorpach a scaipeadh 1. Aon eintiteas ar cuireadh an cúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, nó aon údarás um imscrúdú sábháilteachta laistigh den Aontas, beidh rochtain iomlán, slán, ar líne aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe atá sa Stór Lárnach Eorpach. Bainfear leas as an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16. 2. Féadfaidh páirtithe leasmhara a liostaítear in Iarscríbhinn II rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach. Déanfaidh páirtithe leasmhara atá bunaithe san Aontas iarrataí ar fhaisnéis a dhíriú ar phointe teagmhála an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe. Díreoidh páirtithe leasmhara atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-iarraidh chuig an gCoimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nuair a dhéanfar iarraidh de bhun na míre seo. 3. Faoi réir Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní nochtfar an fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach a bhaineann le himscrúduithe sábháilteachta leanúnacha atá ar bun i gcomhréir leis an Rialachán sin do pháirtithe leasmhara de bhun an Airteagail seo. 4. Chun críche cúiseanna slándála, ní thabharfar rochtain dhíreach ar an Stór Lárnach Eorpach do pháirtithe leasmhara. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|