|
+Airteagal 11 Iarrataí a phróiseáil agus cinntí ---+Article 11 1. ---+Article 11 2. ---+Article 11 3. ---+Article 11 4. ---+Article 11 5. ---+Article 11 6. ---+Article 11 7. ---+Article 11 8. |
Airteagal 11 Iarrataí a phróiseáil agus cinntíAirteagal 11 Iarrataí a phróiseáil agus cinntí 1. Cuirfear isteach iarrataí ar fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach agus leas á bhaint as na foirmeacha a d'fhormheas an pointe teagmhála. Áireofar sna foirmeacha sin na míreanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar a laghad. 2. Fíoróidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh: (a) gur páirtí leasmhar atá ag déanamh na hiarrata; agus (b) go bhfuil sé nó sí inniúil chun déileáil leis an iarraidh sin. Nuair a chinnfidh an pointe teagmhála go bhfuil Ballstát eile nó an Coimisiún inniúil le déileáil leis an iarraidh, aistreoidh sé an iarraidh sin chuig an mBallstát sin nó chuig an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí. 3. Déanfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh meastóireacht ar bhonn gach cáis ar leith ar an údar atá leis an iarraidh agus ar a praiticiúlacht. Féadfaidh pointe teagmhála faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara i scríbhinn nó trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha cumarsáide atá slán. 4. Má ghlactar leis an iarraidh, cinnfidh an pointe teagmhála an méid faisnéise agus leibhéal na faisnéise atá le soláthar. Gan dochar d'Airteagal 15 ná d'Airteagal 16, beidh an fhaisnéis teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun críche na hiarrata. Ní sholáthrófar faisnéis nach mbaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin ach i bhfoirm chomhiomlánaithe nó anaithnid. Féadfar faisnéis i bhfoirm neamh-chomhiomlánaithe a chur ar fáil don pháirtí leasmhar má léiríonn sé go mionsonraithe i scríbhinn an t-údar atá leis. Bainfear leas as an bhfaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16. 5. Déanfaidh an pointe teagmhála faisnéis a bhaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin, agus an fhaisnéis sin amháin, a sholáthar do pháirtithe leasmhara a liostaítear i bpointe (b) d'Iarscríbhinn II. 6. Féadfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh ó pháirtí leasmhar a liostaítear i bpointe (a) d'Iarscríbhinn II cinneadh ginearálta a dhéanamh faisnéis a sholáthar don pháirtí leasmhar sin ar bhonn rialta, ar choinníoll: (a) go mbaineann an fhaisnéis arna hiarraidh le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí féin; (b) nach ndeontar leis an gcinneadh ginearálta rochtain ar ábhar iomlán an bhunachair shonraí; (c) nach mbaineann an cinneadh ginearálta ach le faisnéis anaithnid. 7. Úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: (a) ní úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis ach chun na críche a shonraítear san fhoirm iarrata, críoch ba cheart a bheith comhoiriúnach le cuspóir an Rialacháin seo mar atá luaite in Airteagal 1; agus (b) ní nochtfaidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear gan toiliú i scríbhinn a fháil ó sholáthraí na faisnéise agus glacfaidh sé na bearta is gá chun go n-áiritheofar rúndacht iomchuí na faisnéise a fhaightear. 8. Beidh an cinneadh chun faisnéis a scaipeadh de bhun an Airteagail seo teoranta do na nithe a bhfuil fíorghá ag an úsáideoir leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|