|
+Airteagal 17 Na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta |
Airteagal 17 Na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dátaAirteagal 17 Na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) liosta na réimsí sonraí éigeantacha i dtuarascálacha ar tharluithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta, i gcás, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, go mbeidh gá le hathruithe d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta; (b) an iarraidh ar an bhfoirm fhaisnéise maidir le Stór Lárnach Eorpach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta, chun an taithí a fuarthas agus forbairtí nua a chur san áireamh; (c) aon cheann de na hIarscríbhinní a ailíniú le bogearraí ECCAIRS agus le tacsanomaíocht ADREP, agus, ina theannta sin, le gníomhartha dlíthiúla a ghlacann an tAontas agus le comhaontuithe idirnáisiúnta. D'fhonn liosta na réimsí éigeantacha a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tuairim/tuairimí iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|